Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Korkein oikeus (an Fhionlainn) a taisceadh an 22 Meitheamh 2023 – Paisinéir A v Finnair Oyj

(Cás C-385/23, Finnair)

Teanga an cháis: an Fhionlainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Korkein oikeus

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Paisinéir A

Cosantóir: Finnair Oyj

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.    An féidir le haeriompróir brath ar imthosca urghnácha de réir bhrí Airteagal 5(3) de Rialachán Uimh. 261/20041 toisc amháin gur aimsigh an monaróir aerárthaigh go raibh locht deartha ceilte ann a dhéanann dochar do shábháilteacht eitiltí agus a bhaineann leis an gcineál aerárthaigh iomlán, cé nár aimsíodh sin ach tar éis moill a bheith curtha ar an eitilt nó í a bheith curtha ar ceal?

2.    I gcás go dtabharfar freagra diúltach ar an gcéad cheist agus nach mór a scrúdú an é atá i gceist leis na himthosca faoi cheist ná tarluithe atá ina gcuid den ghníomhaíochta a bhíonn ar bun go gnách ag an aeriompróir lena mbaineann agus a bhfuil, mar gheall ar a gcineál nó a mbunús, faoina smacht go hiarbhír, an bhfuil feidhm ansin ag cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le teip roimh am ar pháirteanna áirithe teicniúla i gcás amhail an cás seo, ina nach raibh an monaróir ná an t-aeriompróir ar an eolas, nuair a cuireadh an eitilt ar ceal, faoin gcineál locht a bhí sa chineál aerárthaigh nua faoi cheist ná faoi conas é a réiteach?

____________

1     Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91 (IO 2004 L 46, lch. 1).