Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof (an Ghearmáin) a taisceadh an 26 Meitheamh 2023 - Novel Nutriology GmbH v Verband Sozialer Wettbewerb e.V.

(Cás C-386/23, Novel Nutriology)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesgerichtshof

Páirtithe sna himeachtaí

Cosantóir agus achomharcóir ar phointe dlí: Novel Nutriology GmbH

Iarratasóir agus freagróir ar phointe dlí: Verband Sozialer Wettbewerb e.V.

Na ceisteanna a tharchuirtear:

Déantar an cheist seo a leanas maidir le léiriú Airteagal 10(1) agus (3), Airteagal 28(5) agus (6) de Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le maímh chothúcháin agus shláinte a dhéantar i leith bianna 1 arna leasú go deireanach le Rialachán (AE) Uimh. 1047/2012 2 ón gCoimisiún an 8 Samhain 2012 agus aithrisí 10 agus 11 de Rialachán (AE) Uimh. 432/2012 ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2012 lena mbunaítear liosta de mhaímh shláinte atá ceadaithe a dhéantar maidir le bianna, seachas na bianna a thagraíonn do bhaol galar a laghdú agus d’fhorbairt agus do shláinte leanaí 3 agus aithrisí 4 agus 5 de Rialachán (AE) Uimh. 536/2013 4 ón gCoimisiún an 11 Meitheamh 2013 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 432/2012 a tharchur le haghaidh réamhrialú chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh:

An gceadaítear maímh shláinte (Airteagal 10(1) de Rialachán Uimh. 1924/2006) nó tagairtí do thairbhí ginearálta neamhshonracha na substainte cothaithí nó an bhia i dtaca le dea-shláinte ghinearálta nó folláine (Airteagal 10(3) de Rialachán [CE] Uimh. 1924/2006) a fhógairt le substaintí plandúla (“Luibheolaíochtaí”), gan na maímh sin a bheith údaraithe faoin Rialachán sin agus iad a bheith san áireamh i liosta na maíomh údaraithe de bhun Airteagail 13 agus 14 den Rialachán (Airteagal 10(1) den Rialachán) agus gan maíomh sonrach sláinte atá sna liostaí dá dtagraítear in Airteagail 13 nó 14 den Rialachán (Airteagal 10(3) den Rialachán) a bheith ag gabháil leis na tagairtí sin, fad nach bhfuil críoch curtha leis an measúnú ag an Údarás agus leis an scrúdú ag an gCoimisiún maidir leis na maímh a dtugtar fógra ina leith i dtaca le “substaintí luibhe” a áireamh sna liostaí Comhphobail dá dtagraítear in Airteagail 13 agus 14 de Rialachán [CE] Uimh. 1924/2006?

____________

1 IO 2006 L 404, lch. 9.

1 Rialachán (AE) Uimh. 1047/2012 ón gCoimisiún an 8 Samhain 2012 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 maidir le liosta na maíomh cothaithe (IO 2012 L 310, lch. 36).

1 IO 2012 L 136, lch. 1.

1 Rialachán (AE) Uimh. 536/2013 ón gCoimisiún an 11 Meitheamh 2013 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 432/2012 lena mbunaítear liosta de mhaímh shláinte atá ceadaithe a dhéantar maidir le bianna, seachas na bianna a thagraíonn do bhaol galar a laghdú agus d’fhorbairt agus do shláinte leanaí (IO 2013 L 160, lch. 4).