Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Högsta förvaltningsdomstolen (an tSualainn) a taisceadh an 18 Nollaig 2023 – Malmö Motorrenovering AB v Allmänna ombudet hos Tullverket

(Cás C-781/23, Malmö Motorrenovering)

Teanga an cháis: an tSualainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Högsta förvaltningsdomstolen

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir: Malmö Motorrenovering AB

Freagróir: Allmänna ombudet hos Tullverket

An cheist a tharchuirtear

An gá Airteagal 251 de Chód Custaim an Aontais 1 a léiriú sa chaoi go gciallaíonn an tagairt i mír 3 do mhír 1 agus do mhír 2 nach bhfuil feidhm ag an gceanglas maidir le himthosca eisceachtúla i mír 3 ach amháin i gcás ina gciallódh tréimhse a deonaíodh cheana, mar aon le síneadh a ndearnadh iarratas uirthi, go rachadh an tréimhse fhoriomlán ina bhféadfaidh na hearraí fanacht faoin nós imeachta atá i gceist níos faide ná 24 mhí? Nó an gá an t-airteagal sin a léiriú sa chaoi go bhfuil an ceanglas maidir le himthosca eisceachtúla i mír 3 infheidhme maidir le gach iarratas ar shíneadh, is é sin le rá, fiú mura dtéann an tréimhse a deonaíodh cheana, in éineacht leis an síneadh a cuireadh isteach, thar an tréimhse 24 mhí a leagtar síos i mír 2?

____________

1 Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO 2013 L 269, lch. 1).