Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Superior de Justicia de la Comunidad Valenciana (an Spáinn) an 9 Feabhra 2024 – Sindicat de Treballadores i Treballadors de les Administracions i els Serveis Publics (STAS - IV) v Valenciana D’ Estrategies i Recursos per a la Sostenibilitat Ambiental SA (VAERSA) agus páirtithe eile

(Cás C-110/24, STAS - IV )

Teanga an cháis: an Spáinnis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal Superior de Justicia de la Comunidad Valenciana

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Sindicat de Treballadores i Treballadors de les Administracions i els Serveis Publics (STAS - IV)

Iarratasóir: Valenciana D’ Estrategies i Recursos per a la Sostenibilitat Ambiental SA (VAERSA)

Páirtithe eile: Comisiones Obreras del País Valencià (CCOO-PV), Confederación General del Treball del País Valencià i Murcia (CGT- PV), Unión General de Trabajadores del País Valenciano (UGT-PV), Sindicato Intercomarcal de Trabajadores de Castellón (SIT), Unión Sindical Obrera de la Comunidad Valenciana (USO), Colectivo de Personal Administrativo y Técnico de VAERSA (CPAT VAERSA)

An cheist a tharchuirtear:

An gcaithfear Airteagal 2 de Threoir 2003/88/CE [ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle], an 4 Samhain [2003] maidir le gnéithe áirithe d’eagrú ama oibre1 a léiriú ar chaoi gur ‘am oibre’ de réir bhrí an tsainmhínithe ar an gcoincheap sin in Airteagal 2 den Treoir sin é an t-am a chaitheann na hoibrithe ag taistil i bhfeithiclí na cuideachta ag tús agus deireadh an lae oibre ón mbunáit go dtí an mhion-anaclann nó an suíomh ina gcomhlíonann siad a gcuid dualgas agus uaidh sin go dtí an lárionad?

____________

1 IO 2003 L 299, lch. 9.