Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 21 Feabhra 2024 – Inner Mongolia Shuangxin Environment-Friendly Material v An Coimisiún
(Cás T-763/20) 1
(Dumpáil – Allmhairí chineálacha áirithe alcóil polaivinile de thionscnamh na Síne – Dleacht frithdhumpála chinntitheach – Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1336 – Ríomh an ghnáthluacha – Saobhadh suntasach sa tír is onnmhaireoir – Airteagal 2(6a) de Rialachán (AE) 2016/1036 - Dlí EDT – Prionsabail maidir le léiriú a bheith i gcomhréir – Rogha na tíre ionadaíche is oiriúnaí – Sonraí ar fáil go héasca – Neamh-chomhoibriú – Coincheap ‘faisnéis is gá’ – Airteagal 18 de Rialachán 2016/1036 - Sladghearrtha praghais - Deighleog an mhargaidh – Modheolaíocht na n-uimhreacha rialaithe táirgí – Airteagal 3(2) agus (3) de Rialachán 2016/1036 – Cearta na Cosanta – Láimhseáil Rúnda – Airteagail 19 agus 20 de Rialachán 2016/1036)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóirí: Inner Mongolia Shuangxin Environment-Friendly Material Co. Ltd (Ordos, an tSín) (ionadaithe: J. Cornelis, F. Graafsma agus E. Vermulst, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: G. Luengo, Gníomhaire)
Idiragraithe chun tacú leis na hiarratasóirí: Wegochem Europe BV (Amstardam, an Ísiltír) (ionadaithe : R. Antonini, E. Monard agus B. Maniatis, Dlíodóirí)
Idiragraithe chun tacú leis na cosantóirí: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: A. Neergaard, D. Moore agus A. Pospíšilová Padowska, Gníomhairí), Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe : H. Marcos Fraile agus B. Driessen, Gníomhairí, le cúnamh ó N. Tuominen, Dlíodóir), Kuraray na Europe GmbH (Hattersheim am Main, an Ghearmáin) (ionadaithe: R. MacLean agus D. Sevilla Pascual, Dlíodóirí), Sekisui Specialty Chemicals Europe SL (La Canonja, an Spáinn) (ionadaithe : A. Borsos agus J. Jousma, Dlíodóirí)
Ábhar
Trína gcaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt go gcuirfí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1336 ón gCoimisiún an 25 Meán Fómhair 2020, lena bhforchuirtear dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí chineálacha áirithe alcóil polaivinile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne ar neamhní (IO 2020 L 315, lch 1), a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir.
An chuid oibríochtúil
Diúltaítear don chaingean.
Ordaítear do Inner Mongolia Mengwei Technology Co. Ltd a gcostais féin chomh maith leis na costais a thabhaigh an Coimisiún Eorpach, Kuraray Europe GmbH agus Sekisui Specialty Chemicals Europe SL a íoc.
Ordaítear do Pharlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus de Wegochem Europe BV a gcostais féin a íoc.
____________
1 IO C 53, 15.2.2021.