Language of document :

Caingean arna tabhairt an 31 Bealtaine 2023 – Coinbase v EUIPO (C)

(Cás T-304/23)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Coinbase, Inc. (Oakland, California, na Stáit Aontaithe) (ionadaithe: M. Zintler, N. Schmidt-Hamkens agus F. Stoll, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Trádmharc atá faoi cheist: Clárúchán idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach i leith an mhairc fhíoraigh C – Iarratas ar chlárú Uimh. 1 629 156

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gcéad Bhord Achomhairc de chuid EUIPO an 30 Márta 2023 i gCás R 2001/2022-1

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a dhearbhú nach gcuireann Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle bac ar chlárú an trádmhairc atá i gceist maidir leis na hearraí agus na seirbhísí a éilítear;

a ordú do EUIPO na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí

Sárú ar Airteagal 7(1)(b) Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar phrionsabail na córa comhionainne agus an dea-riaracháin.

____________