Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Curtea de Apel Pitești (an Rómáin) a taisceadh an 12 Feabhra 2024 – Porcellino Grasso SRL v Ministerul Agriculturii și Dezvoltării Rurale, Agenția pentru Finanțarea Investițiilor Rurale, Agenția de Plăți și Intervenție în Agricultură, Agenția de Plăți și Intervenție în Agricultură – Centrul Județean Vâlcea

(Cás C-116/24, Porcellino Grasso)

Teanga an cháis: an Rómáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Curtea de Apel Pitești

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Porcellino Grasso SRL

Cosantóir: Ministerul Agriculturii și Dezvoltării Rurale, Agenția pentru Finanțarea Investițiilor Rurale, Agenția de Plăți și Intervenție în Agricultură, Agenția de Plăți și Intervenție în Agricultură – Centrul Județean Vâlcea

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gcuirtear cosc le forálacha Airteagail 288, 291 agus 297 CFAE[,] agus prionsabal dhlí [an Aontais] ar dá réir a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla ag cinneadh ón gCoimisiún Eorpach go dtí go gcuirtear ar neamhní é – mar a chumhdaítear i mbreithiúnais [na Cúirte Breithiúnais] i gCásanna C-245/92 P (Chemie Linz v an Coimisiún), C-475/01 (an Coimisiún v an Ghréig), C-362/14 (Schrems), C-533/10 (CIVAD), C-314/85 (Foto-Frost v Hauptzollamt Lübeck-Ost), C-644/17 (Eurobolt), C-199/06 (CELF agus Ministre de la Culture et de la Communication) – chomh maith le hAirteagal 9(3) de Rialachán Uimh. 1974/20061 agus Airteagail 18 agus 19 de Rialachán Uimh. 1698/20052 , ar chleachtas údaráis náisiúnta na Rómáine bearta inmheánacha a ghlacadh atá contrártha do Chinneadh Cur Chun Feidhme C(2012) 3529 final ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2012 lena leasaítear Programul Național de Dezvoltare Rurală (PNDR), [clár forbartha tuaithe  an Rómáin, faoin gclárthréimhse] 2007-2013 agus an cinneadh sin a a fhágáil gan feidhm dá réir, ar choinníoll nár leasaíodh nó nár cuireadh ar neamhní é?

Ag féachaint don oibleagáid ghinearálta atá ar na Ballstáit dlí an Aontais a chomhlíonadh, i gcás ina bhfuil cúirt náisiúnta breithiúnas léirmhínitheach arna thabhairt ag an [gCúirt Bhreithiúnais] a chomhlíonadh faoi Airteagal 267 CFAE (is é sin le rá, breithiúnas an 17 Samhain 2022, Cás C-443/21), ach nach bhfuil measúnuithe ann ar bhailíocht agus ar éifeachtaí Chinntí Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún (Cinneadh Uimh. C(2012) 3529 final ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2012 agus Cinneadh Uimh. 2018/873 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 20181 ), ach amháin [measúnuithe] maidir le maoiniú a aisghabháil in éagmais cinneadh ón gCoimisiún Eorpach chuige sin, an bhfuil an chúirt náisiúnta sin i dteideal a chur san áireamh, agus í ag rialú ar an díospóid atá ar feitheamh os a comhair, éifeachtaí agus réasúnaíocht (na breithnithe a rinneadh) i mbreithiúnais Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, a tugadh i gcaingean le haghaidh neamhniú, arna rialú ag Airteagal 263 CFAE, agus cinneadh cur chun feidhme ón gCoimisiún a chur ar neamhní i gcás den chineál céanna (is é sin le rá, breithiúnas an 18 Eanáir 2023, Cás T-33/21)?

An gceanglaítear leis an bprionsabal maidir le dliteanas an Stáit a ghlacadh, i gcás amhail an cás seo, go n-íocfaidh Stát na Rómáine na rátaí tacaíochta le tairbhithe Bheart 215, sa mhéid a leagtar síos i gCinneadh Cur Chun Feidhme C (2012) 3529 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2012, ar feadh thréimhse iomlán  a ngealltanas?

____________

1 Rialachán (CE) Uimh. 1974/2006 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2006 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe do chur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) (IO 2006 L 368, lch. 15).

1 Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2005 maidir le tacaíocht d'fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) (IO 2005 L 277 lch. 1).

1 Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/873 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2018 lena n-eisiatar ó mhaoiniú an Aontais Eorpaigh caiteachas áirithe arna thabhú ag na Ballstáit faoin gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) (IO 2018 L 152, lch. 29).