Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Oberster Gerichtshof (an Ostair) arna taisceadh an 13 Feabhra 2024 - UJ v Österreichische Zahnärztekammer

(Cás C-115/24, Österreichische Zahnärztekammer)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Oberster Gerichtshof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir ar phointe dlí: UJ

Freagróir san achomharc ar phointe dlí: Österreichische Zahnärztekammer

Idiragraí: Urban Technology GmbH

Na ceisteanna a tharchuirtear

An mbaineann raon feidhme Airteagal 3(d) de Threoir 2011/24/AE 1 (an Treoir um Shoghluaisteacht Othar), faoina meastar, i gcás teilileighis, go gcuirtear cúram sláinte ar fáil sa Bhallstát ina bhfuil an soláthraí cúraim sláinte bunaithe, le críocha aisíocaíocht costas Airteagal 7 amháin?

Sa chás go dtabharfar freagra diúltach ar cheist 1.1.: An leagtar síos in Airteagal 3(d) de Threoir 2011/24 prionsabal ginearálta na tíre tionscnaimh maidir le seirbhísí teilileighis?

An leagtar síos i dTreoir 2000/31/CE 1 (an Treoir maidir le tráchtáil leictreonach) prionsabal na tíre tionscnaimh maidir le seirbhísí teilileighis?

2.1.    An ndéanann ‘cúram sláinte i gcás teilileighis’ de réir bhrí Airteagal 3(d) de Threoir 2011/24 tagairt go heisiach do sheirbhísí leighis aonair a sholáthraítear (ar bhonn trasteorann) le tacaíocht ó theicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (TFC), nó do chonradh cóireála iomlán, a bhféadfadh scrúduithe fisiceacha i dtír chónaithe an othair a bheith san áireamh freisin?

2.2.     Más féidir scrúduithe fisiceacha a chur san áireamh, ar cheart go mbeadh seirbhísí tacaithe ag TFC ceannasach le go mbeidh ‘cúram sláinte i gcás teililieighis’ ann agus, más ea, cad iad na critéir faoinar cheart an cheannasacht a mheas?

2.3.    An bhfuil cóireáil leighis ina hiomláine le feiceáil mar sheirbhís cúraim sláinte trasteorann de réir bhrí Airteagal 3(d) agus (e) de Threoir 2011/24 más rud é, ó thaobh an othair de, go soláthraíonn an soláthraí cúraim sláinte atá bunaithe sa Bhallstát eile lena bhfuil conradh cóireála tugtha i gcrích ag an othar (sa chás seo, clinic fiaclóireachta), cuid den chóireáil iomlán trí úsáid a bhaint as TFC, cé go soláthraítear an chuid eile den tseirbhís fhoriomlán ag soláthraí cúraim sláinte (fiaclóir) atá bunaithe sa Bhallstát céanna leis an othar?

3.1.    Ar cheart Airteagal 2(n) i gcomhar le hAirteagail 3(d) agus 4(a) de Threoir 2011/24, i gcomhar le hAirteagal 5(3) de Threoir 2005/36/CE 1 (an Treoir maidir le Cáilíochtaí Gairmiúla), a léiriú sa chaoi nach mór do chlinic fiaclóireachta atá bunaithe sa Ghearmáin cloí leis na rialacha gairmiúla náisiúnta, dlí nó riaracháin atá infheidhme ansin i gcásanna ‘cúram sláinte trí theilileighis’ san Ostair (go háirithe Míreanna 24, 26, 31 de Zahnärztegesetz na hOstaire (ZÄG) (an Dlí maidir le fiaclóirí)?

3.2.    An bhfuil Airteagal 5(3) de Threoir 2005/36 le léiriú sa chaoi go mbogann soláthraí cúraim sláinte go Ballstát eile má sholáthraíonn sé seirbhísí leighis arna dtacú ag TFC amháin? Mura bhfuil, an ionann é agus aistriú go Ballstát eile má tá scrúduithe fisiceacha nó cóireáil fhisiceach déanta aige, agus iad curtha i gcrích ag gníomhairí ionadacha i dtír chónaithe an othair?

4.    An gcuirtear cosc leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 56 et seq. CFAE ar cheanglais in Zahnärztegesetz na hOstaire (ZÄG), a dhéanann foráil go príomha i Mír 24 et seq. do chleachtas gairmiúil díreach agus pearsanta agus nach gceadaítear saorghluaiseacht seirbhísí faoi chuimsiú Mhír 31 de ZÄG ach ‘go sealadach’ le haghaidh ‘náisiúnaigh LEE’, eadhon le haghaidh cásanna amhail an ceann atá idir lámha, ina soláthraíonn fiaclóir eachtrach – go buan i bprionsabal – seirbhísí le tacaíocht TFC ó thar lear i bpáirt (sa bhrí de sheirbhís chomhfhreagrais trasteorann) i bpáirt laistigh den tír trí rannpháirtíocht fiaclóra Ostaraigh atá údaraithe chun an ghairm a chleachtadh, mar ghníomhaire ionadach ar conradh cóireála aonfhoirmeach?

____________

1     Treoir 2011/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 maidir le cearta othar i gcúram sláinte trasteorann a chur i bhfeidhm (IO 2011 L 88, lch. 45).

1     Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an trádáil leictreonach, go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (an Treoir maidir le tráchtáil leictreonach) (IO 2000 L 178, lch. 1).

1     Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 i ndáil le cáilíochtaí gairmiúla a aithint (IO 2005 L 255, lch. 22).