Language of document :

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

An t-ordú atá á lorg

An t-achomharc a cheadú agus an breithiúnas faoi chonspóid a chur ar neamhní;

an chuid eile den nós imeachta a chinneadh mar is cóir;

a ordú do na cosantóirí na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Ar an gcéad dul síos, áitíonn an t-iarratasóir gur bhain an Chúirt Ghinearálta míbhrí as a iarratas ó thaobh an ghnímh dhíobhálaigh de.

Ar an dara dul síos, maíonn an t-iarratasóir gur rinne an Chúirt Ghinearálta roinnt earráidí dlí:

Ar dtús, maidir le dliteanas an Aontais i leith iompair neamhdhleathaigh, sháraigh an Chúirt Ghinearálta na prionsabail a bhaineann leis an smacht reachta agus Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha trí bhreithiúnas a thabhairt nach bhféadfadh, ar aon chuma, dliteanas neamhchonarthach an Aontais a bheith ina thoradh ar ghníomhartha agus neamhghníomhartha an Ghrúpa Euro. Sháraigh an Chúirt Ghinearálta prionsabal na córa comhionainne freisin trí bhreithiúnas a thabhairt gur leor go raibh bannaí, a lascainíodh ina dhiaidh sin, faighte ag daoine nádúrtha agus dlíthiúla, agus é sin amháin, lena mheas go rabhadar i gcás comhionann nó inchomparáide de réir bhrí an chásdlí.

Ansin, rinne an Chúirt Ghinearálta earráidí dlí i ndáil leis an diandliteanas. Sa chéad áit, dar leis an iarratasóir, chuir an Chúirt Ghinearálta as an áireamh, go héagórach, gurbh ann don diandliteanas in aon chor. Sa dara háit, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus cineál “mínormálta” an dochair á mheasúnú aici.

____________