Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 20 Nollaig 2023 – Torre Oria v EUIPO – Giramondi agus Antonelli (WINE TALES RACCONTI DI VINO)
(Cás T-655/22)1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh WINE TALES RACCONTI DI VINO – Marc fíortha níos luaithe de chuid an Aontais Eorpaigh WINE TALES – Foras coibhneasta le diúltú – Dóchúlacht mearbhaill – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 2017/1001)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Torre Oria SL (Derramador-Requena, an Spáinn) (ionadaithe: A. González López-Menchero agus V. Valero Piña, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: A. Ringelhann agus T. Klee, Gníomhairí)
Páirtithe eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Simone Giramondi (Milano, an Iodáil), Damiano Atonelli (Vignate, an Iodáil) (ionadaithe: A. Parassina agus A. Giovannardi, Dlíodóirí)
Ábhar
Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 16 Aibreán 2022 (Cás R 822/2022-5) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
Diúltaítear don chaingean.
Ordaítear do Torre Oria, SL a chostais féin, chomh maith leis na costais arna dtabhú ag Simone Giramondi agus Damiano Antonelli, a íoc.
Ordaítear d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a costais féin a íoc.
____________
1 IO C 472, 12.12.2022.