Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 22 Samhain 2023 ag Viktor Filippovich Rashnikov i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Chéad Dlísheomra) a tugadh an 13 Meán Fómhair 2023 i gCás T-305/22 Rashnikov v an Chomhairle

(Cás C-711/23 P)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: Viktor Filippovich Rashnikov (ionadaithe: D. Rovetta, M. Campa, M. Moretto, V. Villante, agus M. Pirovano, avvocati)

Páirtí/Páirtithe eile sna himeachtaí: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t- achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar neamhní:

na cinntí/rialacháin seo a leanas a chur ar neamhní;

Cinneadh (CBES) 2022/429 1 an 15 Márta 2022 ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin;

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/427 1 an 15 Márta 2022 ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin sa mhéid is go bhfuilan t-achomharcóir ar áireamh ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas faoi réir na mbeart sriantach;

Cinneadh (CBES) 2022/1530 1 an 14 Meán Fómhair 2022 ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin;

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1529 1 an 14 Meán Fómhair 2022 ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin sa mhéid is go gcuimsíonn siad an t-achomharcóir i liosta na ndaoine agus na n-eintiteas faoi réir na mbeart sriantach;

Cinneadh (CBES) 2023/572 1 an 13 Márta 2023 ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin;

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/571 1 an 13 Márta 2023 ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin sa mhéid is go bhfuil an t-achomharcóir ar áireamh ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas faoi réir na mbeart sriantach;

mar mhalairt air sin, an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar neamhní agus an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta

a ordú don Chomhairle costais an achomharcóra maidir leis an gcéad chéim agus an achomharc seo a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

San achomharc seo, maíonn an t-achomharcóir ceithre fhoras achomhairc:

Rinne an Chúirt Ghinearálta neamhaird ar raon feidhme a athbhreithnithe bhreithiúnaigh agus rinne sí roinnt earráidí dlí agus saobhadh sí na fíorais.

Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus critéar (g) á léiriú aici,  sa chaoi maidir leis na focail “a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise”, ní thagraítear do lucht gnó ach do earnálacha eacnamaíocha.

Sárú agus léiriú earráideach ar Airteagal 2(1)(g) de Chinneadh 2014/145/CBES 1 ón gComhairle arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/329 2 ón gComhairle agus d’Airteagal 3(1)(g) de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 3 ón gComhairle arna leasú le Rialachán 2022/330 4 ón gComhairle – Mar dara cuntar éilimh, pléadáil neamhdhleathachta agus neamhfheidhmeacht  faoi Airteagal 277 CFAE d’Airteagal 2(1)(g) de Chinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/329 ón gComhairle agus d’Airteagal 3(1)(g) de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle arna leasú le Rialachán 2022/330 ón gComhairle.

Sárú agus léiriú earráideach ar choincheap “foinse ioncaim” agus “foinse shuntasach ioncaim” faoi Airteagal 2(1)(g) de Chinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/329 ón gComhairle agus d’Airteagal 3(1)(g) de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle arna leasú le Rialachán 2022/330 ón gComhairle – Saobhadh ar na bhfíorais agus fianaise – Sárú ar riachtanais nós imeachta riachtanacha agus ar oibleagáid cúiseanna a lua faoi Airteagal 296 CFAE – Mí-úsaid critéar (g) ar íocaíocht cánacha riachtanach.

____________

1 IO 2022, L 871, lch. 44.

1 IO 2022, L 871, lch. 1.

1 IO 2022, L 239, lch. 149.

1 IO 2022, L 239, lch. 1

1 IO 2023, L 751, lch. 134

1 IO 2023, L 751, lch. 1.

1 Cinneadh 2014/145/CBES an 17 Márta 2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 78, 17.3.2014, lch. 16).

1 Cinneadh (CBES) 2022/329 an 25 Feabhra 2022 ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022, L 50, lch. 1).

1 Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 an 17 Márta 2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2014, L 78, lch. 6).

1 Rialachán (AE) 2022/330 an 25 Feabhra 2022 ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022, L 51, lch. 1).