Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Superior de Justicia del País Vasco (an Spáinn) a taisceadh an 12 Iúil 2023 – LM v Omnitel Comunicaciones SL agus páirtithe eile

(Cás C-441/23, Omnitel Comunicaciones agus páirtihe eile)

Teanga an cháis: an Spáinnis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal Superior de Justicia de Madrid

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: LM

Cosantóirí: Omnitel Comunicaciones SL, Microsoft Ibérica SRL, Fondo de Garantía Salarial (FOGASA), Indi Marketers SL, Leadmarket SL, Fiscalía

Na ceisteanna a tharchuirtear:

A)    An bhfuil feidhm ag Treoir 2008/104/CE 1 maidir le gnóthas a chuireann oibrí ar fáil do ghnóthas eile, d’ainneoin nach n-aithnítear an chéad ghnóthas mar ghníomhaireacht oibre sealadaí leis an reachtaíocht náisiúnta mar nach bhfuil údarú riaracháin aige chun gníomhú ar an mbonn sin?

B)    I gcás go bhfuil feidhm ag Treoir 2008/104/CE maidir le gnóthais a chuireann oibrithe ar fáil gan aitheantas a bheith acu faoin dlí náisiúnta mar ghníomhaireachtaí oibre sealadaí, más rud é, i gcás mar a thuairiscítear thuas, nach mór an t-oibrí a mheas mar oibrí arna deonú ag gníomhaireacht sealadach de réir bhrí Airteagal 3(1)(c) de Threoir 2008/104/CE, an gcaithfear a mheas gur gníomhaireacht oibre sealadaí é Leadmarket S.L. de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Treoir sin agus an gcaithfear Microsoft Ibérica a mheas mar ghnóthas úsáideora de réir bhrí Airteagal 3(1)(d) den Treoir sin; go sonrach, an féidir a mheas go raibh Leadmarket S.L. i bhfeighil mhaoirseacht agus stiúir na gníomhaíochta oibre (agus dá bhrí sin go raibh sé ag cur stad leis an oibrí a bheith á chur i bpost), toisc go bhfuair stiúrthóir an ghnóthais sin tuarascáil ghníomhaíochta mhíosúil ón oibrí agus gur chur sé a lámh le saoire phearsanta, laethanta saoire agus uaireanta oibre an oibrí, cé gurbh é a bhí i gceist le hobair laethúil an fhostaí ná é a chur ar fáil chun freastal ar chliaint Microsoft, na teagmhais a réiteach trí theagmháil a dhéanamh go minic le bainisteoirí Microsoft agus oibriú óna teach le ríomhaire a chuir Microsoft ar fáil di agus a bheith i láthair in ionad oibre Microsoft uair in aghaidh na seachtaine?

C)    Má tá feidhm ag Treoir 2008/104/CE agus i gcás ina gcuirtear an t-oibrí ar fáil, más rud é, mar thoradh ar chur i bhfeidhm Airteagal 5(1) de Threoir 2008/104/CE, nach mór pá an oibrí a bheith comhionann, ar a laghad, leis an bpá a bheadh aici dá mba rud é gur earcaigh Microsoft Ibérica S.L go díreach í;

D)    In imthosca an cháis, an bhfuil ceart an oibrí chun filleadh ar an obair nó ar phost coibhéiseach tar éis saoire mháithreachais infheidhme faoi Airteagal 15 de Threoir 2006/54/CE 1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le cur chun feidhme phrionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha. Agus fiú más rud é gur tháinig deireadh leis an gconradh idir Microsoft Ibérica S.L. agus Leadmarket S.L., agus ó tharla nach bhfuil aon phost coibhéiseach ar fáil ag Leadmarket S.L., an gcaithfidh an t-oibrí filleadh ar an obair ag Microsoft Ibérica S.L?

E)    Má tá feidhm ag Treoir 2008/104/CE toisc go bhfuiltear ag plé le hoibrí a bheith á cur ar fáil le hoibriú, an gcaithfear a dhearbhú, mar thoradh ar na forálacha a leagtar síos i ndlí na Spáinne arna mbunú le cur i bhfeidhm Airteagal 5(1) de Threoir 2008/104/CE lena gcuirtear dífhostú oibrithe torracha agus oibrithe atá ag cothú linbh ar neamhní, go bhfuil an ghníomhaireacht oibre sealadaí agus an gnóthas úsáideora faoi dhliteanas go comhpháirteach agus go leithleach maidir leis na hiarmhairtí dá bhforáiltear le dlí don dífhostú atá ar neamhní go hiomlán, go háirithe: — an t-oibrí a chur ar ais ina post, pá a cailleadh ó dháta an dífhostaithe go dtí an t-athbhunú a íoc, agus — an oibleagáid aon chúiteamh a íoc de dheasca neamhdhleathacht an dífhostaithe.

____________

1 Treoir 2008/104/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le hobair ghníomhaireachta shealadach - IO 2008 L 327, lch. 9.

1 IO 2006 L 204, lch. 23.