Caingean arna tabhairt an 2 Eanáir 2024 – Kartroi v EUIPO – LuxVide Finanziaria per Iniziative Audiovisive e Telematiche (SANDOKAN)
(Cás T-1/24)
An teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Iodáilis
Páirtithe
Iarratasóir: Kartroi LLC (Orlando, Florida, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaí: M. Baccarelli, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: LuxVide Finanziaria per Iniziative Audiovisive e Telematiche SpA (An Róimh, an Iodáil)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach i ndáil leis an bhfocalmharc SANDOKAN – Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach Uimh. 1 109 567
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí neamhbhailíochta
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 21 Meán Fómhair 2023 i gCás R 20/2023-2
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
an t-iarratas ar chúlghairm i leith neamhúsáid trádmhairc idirnáisiúnta Uimh. 1 109 567 a thaisceadh an 9 Meitheamh 2021 ag LuxVide Finanziaria per Iniziative Audiovisive e Telematiche SpA a dhíbhe;
a ordú do EUIPO costais na n-imeachtaí seo chomh maith leis na costais a thabhaigh Kartroi LLC ag na céimeanna roimhe sin os comhair EUIPO agus na Cúirte Ginearálta a aisíoc.
Saincheist dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________