Language of document :

Caingean arna tabhairt an 17 Bealtaine 2024 – an Coimisiún v MECS

(Cás T-262/24)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: A. Bouchagiar agus H. Kranenborg, Gníomhairí)

Cosantóir: An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

go gcuirfí ar neamhní cinneadh an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí an 8 Márta 2024 maidir lena fhiosrúchán i ndáil le húsáid Microsoft 365 ag an gCoimisiún Eorpach i gCás 2021-0518; agus

a ordú don chosantóir costais na n-imeachtaí a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí dhéag.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear earráid i léiriú agus i gcur i bhfeidhm Airteagal 4(1)(b), agus Airteagail 6 agus 9 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (‘EUDPR’), toisc go gcuireadh in iúl go raibh oibleagáid ar an gCoimisiún na cineálacha sonraí pearsanta atá le próiseáil a leagan amach go cuimsitheach.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear earráid i léiriú agus i gcur i bhfeidhm Airteagal 29(3)(a) EUDPR toisc gur cinneadh nár shocraigh an Coimisiún sa Chomhaontú Ceadúnúcháin Idirinstitiúideach 2021 na cineálacha sonraí pearsanta atá le próiseáil agus na cuspóirí den phróiseáil sin.

An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear earráid i léiriú agus i gcur i bhfeidhm Airteagal 9 EUDPR toisc gur cinneadh go raibh feidhm aige sa chás seo agus, ar aon nós, go gcuireadh i bhfeidhm é go hearráideach.

An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear earráid i léiriú agus i gcur i bhfeidhm Airteagal 29(3)(a) EUDPR toisc gur cinneadh gur mhainnigh an Choimisiún treoracha doiciméadaithe a bhí soiléir go leor a chur ar fáil.

An cúigiú saincheist dlí, lena n-éilítear earráid i léiriú agus i gcur i bhfeidhm Airteagail 4(2) agus 26(1) i gcomhar le hAirteagal 30 EUDPR toisc gur cinneadh gur mhainnigh an Coimisiún a dheimhniú nach ndéanann Microsoft próiseáil ar shonraí pearsanta chun a seirbhisí a chur ar fáil ach amháin i gcomhréir le treoracha doiciméadaithe ón gCoimisiún.

An séú saincheist dlí, lena n-éilítear earráid i léiriú agus i gcur i bhfeidhm Airteagal 29(3) EUDPR maidir le haistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tíortha.

An seachtú saincheist dlí, lena n-éilítear earráid i léiriú agus i gcur i bhfeidhm Airteagal 4(2), agus Airteagail 46 agus 48 EUDPR toisc gur aimsíodh easnaimh maidir le mapáil na n-aistrithe.

An t-ochtú saincheist dlí, lena n-éilítear earráidí dlí agus earráidí fíorais maidir le léiriú agus le cur i bhfeidhm Airteagal 4(2), agus Airteagail 46 agus 48 EUDPR.

An naoú saincheist dlí, lena n-éilítear earráid i gcur i bhfeidhm Airteagal 4(2), Airteagal 46, Airteagal 48(1) agus Airteagal 3(a) EUDPR toisc gur glacadh leis gur tharla aistrithe sonraí pearsanta díreacha idir an Coimisiún agus Microsoft Corporation sna Stáit Aontaithe.

An deichiú saincheist dlí, lena n-éilítear earráid i léiriú agus i gcur i bhfeidhm Airteagal 47 EUDPR.

An t-aonú saincheist dlí dhéag, lena n-éilítear earráidí dlí agus earráidí fíorais maidir le léiriú agus le cur i bhfeidhm Airteagail 4(1)(f) agus 29(3)(a), Airteagal 33(1) agus (2) agus Airteagal 36 EUDPR.

An dara saincheist dlí dhéag, lena n-éilítear sárú ar an oibleagáid cúiseanna a lua faoi Airteagal 296 CFAE, easpa dlínse agus earráid i léiriú agus i gcur i bhfeidhm Airteagal 52(3) EUDPR toisc gur moladh don Choimisiún machnamh a dhéanamh ar Airteagail 1, 2 agus 5 den Phrótacal (Uimh. 7) ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh.

An tríú saincheist dlí dhéag, lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta nuair a ordaíodh bearta ceartaitheacha an chinnidh atá faoi chonspóid.

____________