Language of document :

Caingean arna tabhairt an 13 Bealtaine 2024 – LG Electronics v EUIPO – Washtower IP (WASHTOWER)

(Cás T-252/24)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: LG Electronics, Inc. (Seoul, Poblacht na Cóiré) (ionadaí: M. Graf, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Washtower IP BV (Hengelo, an Ísiltír)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an dearaidh atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Dearaidh atá faoi cheist: Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh WASHTOWER – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 18 046 865

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealaithe

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 11 Márta 2024 i gCás R 5/2023-5

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 7(1)(b) arna léamh in éineacht le hAirteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 7(1)(c) arna léamh in éineacht le hAirteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

____________