Language of document :

Caingean arna tabhairt an 16 Bealtaine 2024 – Apple agus Apple International v an Coimisiún

(Cás T-260/24)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóirí: Apple Inc. (Cupertino, California, na Stáit Aontaithe), Apple Distribution International Ltd (Corcaigh, Éire) (ionadaithe: B. Meyring, A. Wachsmann, W. Leslie, L. Gam, C. Riis-Madsen, S. Frank, Dlíodóirí, agus D. Beard, Abhcóide)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann na hiarratasóirí ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh C(2024) 1307 final ón gCoimisiún an 4 Márta 2024 i gCás AT.40437– Apple – App Store Practices (ceolshruthú) a chur ar neamhní;

nó, mar mhalairt air sin,

Airteagal 3 den chinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní go páirteach nó go hiomlán; agus/nó

an fhíneáil a gearradh ar na hiarratasóirí a chur ar neamhní nó a laghdú;

agus, in aon chás,

a ordú don Choimisiún costais na n-iarratasóirí a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn na hiarratasóirí cúig shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go dtagann an cinneadh atá faoi chonspóid salach ar a chinntí maidir le sainiú margaidh agus ceannasacht.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear go ndéantar earráid sa chinneadh atá faoi chonspóid nuair a chinntear go bhfuil forálacha frithstiúrtha na n-iarratasóirí mí-úsáideach.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear go ndearnadh earráid sa chinneadh atá faoi chonspóid maidir le fíneáil a ghearradh agus maidir leis an bhfíneáil sin a ríomh.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear bhfuil earráid ag baint leis an gcinneadh atá faoi chonspóid a mhéid a dhéantar leigheas a fhorchur leis atá díréireach agus nach dtugann sé cúiseanna ina leith.

An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh an cinneadh atá faoi chonspóid cearta cosanta na n-iarratasóirí.

____________