Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 3 Feabhra 2022 ag Grupa Azoty S.A., Azomureș SA, Lipasmata Kavalas LTD Ypokatastima Allodapis i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (Cúigiú Dlísheomra) a fógraíodh an 29 Samhain 2021 i gCás T-726/20, Grupa Azoty agus páirtithe eile v an Coimisiún

(Cás = "n" "Case"  IF = "o" "Joined Cases" C-73/22 P)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóírí: Grupa Azoty S.A., Azomureș SA, Lipasmata Kavalas LTD Ypokatastima Allodapis (ionadaithe: D. Haverbeke, L. Ruessmann agus P. Sellar, avocats)

Páirtí eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann na hachomharcóirí ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an t-ordú atá faoi achomharc a chur ar ceal; agus

a dhearbhú go bhfuil iarratas na n-achomharcóirí faoi Airteagal 263 CFAE go gcuirfear ar neamhní, go páirteach, an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 25 Meán Fómhair 2020 dar teideal “Treoirlínte i ndáil le bearta áirithe Státchabhrach i gcomhthéacs an chórais maidir le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa tar éis 2021” 1 inghlactha; nó

mar mhalairt air sin, an t-ordú atá faoi achomharc a chur ar ceal ar an bhforas gur cheart don Chúirt Ghinearálta a breith maidir le hinghlacthacht a fhorchoimeád go dtí go ndéanfar tuillteanas shubstaint an iarratais a bhreithniú; agus

an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta chun tuillteanas an cháis a bhreithniú; agus

costais na n-imeachtaí seo a dhámhachtain do na hachomharcóirí; agus

an cheist maidir le costais na n-imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta a fhorchoimeád go dtí go bhfuil a breithniú iomlán déanta aici ar an iarratas.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an achomharc, maíonn na hachomharcóirí dhá shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí: ráiteas neamhleor ar na cúiseanna.

Níor fheidhmigh an Chúirt Ghinearálta a dualgas maidir le cúiseanna a lua mar is leor. Ar an gcéad dul síos, i míreanna 34 go 48 agus 49 go 51 den ordú atá faoi achomharc, mhainnigh an Chúirt Ghinearálta aghaidh a thabhairt ar na hargóintí a chuir na hachomharcóirí faoina bráid agus fíorais an cháis os a comhair a fhionnadh. Ar an dara dul síos, mhainnigh sí a mhíniú cén fáth nach féidir ach cinntí ón gCoimisiún arna nglacadh faoi chuid shonrach de reachtaíocht thánaisteach, agus na cinntí sin amháin, a bheith de chúram díreach ag na hachomharcóirí. Baineann sé sin le mír 38 den ordú atá faoi achomharc.

An dara saincheist dlí: rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus í ag maíomh nach de chúram díreach ag na hachomharcóirí é.

I míreanna 26 go 30 den ordú atá faoi achomharc, tagraíonn an Chúirt Ghinearálta do chásdlí socair chun an teist i ndáil le cúram díreach a athlua. Mar chuid den teist sin i ndáil le cúram díreach, ní mór don Chúirt Ghinearálta measúnú a dhéanamh ar inneachar, cineál, cuspóir agus substaint an ghnímh atá faoi chonspóid, chomh maith leis an gcomhthéacs dlí agus na fíorais a bhaineann leis. Toisc gur mhainnigh sí é sin a dhéanamh, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus measúnú á dhéanamh aici ar an gceanglas maidir le “cúram díreach” faoi Airteagal 263 CFAE. Baineann sé sin le míreanna 34 go 48 den ordú atá faoi achomharc. Is é atá déanta ag an gCúirt Ghinearálta ná na hachomharcóirí a fhágáil gan leigheas dlí. Toisc gur mhainnigh sí an teist i ndáil le cúram díreach a leanúint agus a chur i bhfeidhm i gceart, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí.

Mar mhalairt air sin, ba cheart don Chúirt Ghinearálta a breith maidir le hinghlacthacht a fhorchoimeád go dtí go raibh breith déanta ar thuillteanas an iarratais.

I míreanna 7 agus 8 d’Airteagal 130(3) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, éilítear ar an gCúirt Ghinearálta a breith ar shaincheist dlí maidir le do-ghlacthacht a fhorchoimeád don bhreithiúnas críochnaitheach in imthosca cuí, agus teorainneacha ama nua do na céimeanna eile sna himeachtaí a fhorordú. I gcomhréir le cásdlí socair, bíonn na himthosca cuí sin ann i gcás ina bhfuil gá é a fhorchoimeád ar mhaithe leis an gceartas a riar mar is cuí.

Bhí sé de cheangal ar an gCúirt Ghinearálta cineál, inneachar agus comhthéacs an ghnímh atá faoi chonspóid a mheas chun a chinneadh an raibh sé de chúram díreach ag na hachomharcóirí. Chuige sin, is gá féachaint ar shubstaint an ghnímh agus féachaint an bhforchuirtear oibleagáidí neamhspleácha dlí ar Bhallstáit leis. Tá an measúnú sin ag teacht leis an gcéad saincheist dlí maidir le tuillteanas an cháis a bhaineann le heaspa inniúlachta an Choimisiúin chun Iarscríbhinn I a ghabhann leis an ngníomh atá faoi chonspóid a ghlacadh. Toisc nár bhforchoimeád sí a breith ar shaincheist dlí an Choimisiúin maidir le do-ghlacthacht go dtí gur éist sí na hargóintí ar thuillteanas an cháis, sháraigh an Chúirt Ghinearálta na forálacha i míreanna 7 agus 8 d’Airteagal 130 dá Rialacha Nós Imeachta.

____________

1 IO 2020 C 317, lch. 5.