Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Juzgado de lo Mercantil nº 4 de Madrid (an Spáinn) a taisceadh an 21 Márta 2024 – Felicísima v Iberia Líneas Aéreas de España, Sociedad Anónima Operadora, Sociedad Unipersonal

(Cás C-218/24, Iberia Líneas Aéreas de España)

Teanga an cháis: an Spáinnis

An chúirt a rinne an tarchur

Juzgado de lo Mercantil nº 4 de Madrid

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Felicísima

Cosantóir: Iberia Líneas Aéreas de España, Sociedad Anónima Operadora, Sociedad Unipersonal

Na ceisteanna a tharchuirtear

An bhfuil léiriú le déanamh ar Airteagal 17(2) den Choinbhinsiún um Aontú Rialacha Áirithe maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Aer, arna thabhairt i gcrích in Montréal an 28 Bealtaine 1999, arna shíniú ag an gComhphobal Eorpach an 9 Nollaig 1999 agus arna fhormhuiniú thar a cheann le Treoir 2001/539/CE ón gComhairle an 5 Aibreán 2001, 1 arna léamh i gcomhair le hAirteagal 22(2) den Choinbhinsiún sin, sa chiall go bhfágtar peataí agus ainmhithe coimhdeachta as a raon feidhme faoin téarma ‘bagáiste’, bíodh nó ná bíodh sé seiceáilte isteach?

____________

1 Cinneadh ón gComhairle an 5 Aibreán 2001 maidir leis an Choinbhinsiún um Aontú Rialacha Áirithe maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Aer (Coinbhinsiún Montréal) a thabhairt i gcrích ag an gComhphobal Eorpach (IO L 194, lch. 38).