Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 22 Márta 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Najwyższy - an Pholainn) – M. F. v J. M.
(Cás = "n" "Case" IF = "o" "Joined Cases" C-508/19)1
(Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 267 CFAE – Gá leis an léirmhíniú arna iarraidh chun go bhféadfaidh an chúirt a rinne an tarchur breithiúnas a thabhairt – Coincheap – Tionscnamh imeachtaí araíonachta i gcoinne breitheamh de ghnáthchúirt – Ainmniú na cúirte araíonachta inniúla chun na himeachtaí sin a éisteacht agus a chinneadh ag Uachtarán an Dlísheomra Araíonachta den Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach, an Pholainn) – Caingean shibhialta maidir le heaspa caidreamh fostaíochta idir Uachtarán an Dlísheomra Araíonachta sin agus an Chúirt Uachtarach – Easpa inniúlachta na cúirte a rinne an tarchur chun bailíocht ceapacháin breithimh den Chúirt Uachtarach a scrúdú agus neamh-inghlacthacht caingne den sórt sin de bhun an dlí náisiúnta – Neamh-inghlacthacht na hiarrata ar réamhrialú)
Teanga an cháis: an Pholainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Sąd Najwyższy
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: M. F.
Cosantóir: J. M.
Idiragraithe: Prokurator Generalny, Rzecznik Praw Obywatelskich
An chuid oibríochtúil
Tá an iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Najwyższy (Izba Pracy i Ubezpieczeń Społecznych) [Cúirt Uachtarach (Dlísheomra um Shaothar agus Slándáil Shóisialta), an Pholainn] neamh-inghlactha.
____________
1 IO C 337, 07.10.2019