Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 23 Lúnasa 2023 ag an gCoimisiún Eorpach i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Cúigiú Dlísheomra) a tugadh an 14 Meitheamh 2023 i gCás T-201/21, Covington & Burling agus Van Vooren v an Coimisiún

(Cás C-540/23 P)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: S. Ciubotaru, C. Ehrbar, agus A. Spina, Gníomhairí)

Páirtithe eile sna himeachtaí: Covington & Burling, Bart Van Vooren

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar neamhní;

a ordú don iarratasóir na costais a eascraíonn as Cás T-201/21 agus as an achomharc seo a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an achomharc, maíonn an Coimisiún Eorpach dhá shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí: Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trí dhiúltú d’ábharthacht na rialacha nós imeachta coiste maidir le léiriú ar an choinníoll “dá mbainfí an bonn go mór de phróiseas cinnteoireachta na hinstitiúide” a luaitear in Airteagal 4(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 1 .

Tá an chéad saincheist dlí roinnte ina dhá chuid.

Ar an gcéad dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trí dhiúltú d’ábharthacht Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún, agus na Rialacha Caighdeánacha Nós Imeachta le haghaidh Coistí, maidir leis an eisceacht ábhartha a chur i bhfeidhm ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid faoi Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001.

Ar an dara dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a léirigh sí go mícheart na Rialacha Caighdeánacha Nós Imeachta le haghaidh Coistí, agus Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 d’fhonn measúnú a dhéanamh ar “dá mbainfí an bonn go mór de phróiseas cinnteoireachta na hinstitiúide dá nochtfaí an doiciméad”.

An dara saincheist dlí: Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus measúnú á dhéanamh aici ar “dá mbainfí an bonn go mór de phróiseas cinnteoireachta na hinstitiúide dá nochtfaí an doiciméad” de réir bhrí na chéad fhomhíre d’Airteagal 4(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001.

Tá an dara saincheist dlí roinnte ina dhá chuid.

Ar an gcéad dul síos, ghlac an Chúirt Ghinearálta measúnú neamhiomlán ar na hargóintí a chur an Coimisiún chun cinn sa chinneadh atá faoi chonspóid agus measúnú á dhéanamh aici ar “dá mbainfí an bonn go mór de phróiseas cinnteoireachta na hinstitiúide dá nochtfaí na doiciméid”, rud a sháraigh a dualgas réasúnaíochta dá bharr.

Ar an dara dul síos, níor úsáid an Chúirt Ghinearálta na caighdeán dlí ab chuí agus mhainnigh sí na tosca ábhartha a mheas mar chuid de chorpas fianaise sheasmhach.

____________

1 Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO 2001 L 145, lch. 43).

1 IO 2011 L 55, lch. 13.