Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 21 Feabhra 2024 – Greenspider v Eismea

(Cás T-733/21) 1

(Clásal eadrána – Comhaontú deontais a tugadh i gcrích faoi chuimsiú Fís 2020: an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2014-2020) – Costais incháilithe – Nóta dochair – Aisíocaíocht suimeanna a íocadh)

Teanga an cháis: an Iodáilis

Páirtithe

Iarratasóir: Greenspider GmbH (Germering, an Ghearmáin) (ionadaithe: G. Vignolo agus V. Palmisano, Dlíodóirí)

Cosantóir: Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide (ionadaithe: A. Galea, V. Roiseux agus M. Katrana, Gníomhairí)

Ábhar

Trína chaingean de bhun Airteagal 272 CFAE, iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt, go bunúsach, a dhearbhú nach bhfuil an méid EUR 107 206,55 a éilíodh i nóta dochair Uimh. 3242101313 a d’eisigh an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide (EASME) an 26 Eanáir 2021 iníoctha, agus a ordú do Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide (Eismea) suim EUR 111 475 a íoc léi, ar bhonn Chomhaontú Deontais Uimh. 738441 –– SMASH, a síníodh an 16 agus an 22 Feabhra 2017, i gcomhthéacs Fís 2020: an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2014-2020).

An chuid oibríochtúil

Diúltaítear don chaingean.

Ordaítear do Greenspider GmbH na costais a íoc.

____________

1     IO C 73, 14.2.2022.