Language of document :

Caingean arna tabhairt an 21 Feabhra 2024 – Masset v an Coimisiún

(Cás T-114/24)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Dominique Masset (Lens, an Fhrainc) (ionadaí: G. Tumerelle, Dlíodóir)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2660 1 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2023 lena ndéantar formheas na substainte gníomhaí gliofosáit a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún a chur ar neamhní.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar Rialachán Eorpach Uimh. 1107/2009. Ar an gcéad dul síos, measann an t-iarratasóir go sáraítear, le modheolaíocht measúnaithe a d’úsáid an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) agus an Coimisiún Eorpach le haghaidh Rialachán 2023/2660 a chur i bhfeidhm, Rialachán Eorpach Uimh. 1107/2009 1 arna léiriú i mbreithiúnas an 1 Deireadh Fómhair 2019, Blaise agus páirtithe eile (C-616/17, EU:C:2019:800) é. Ar an dara dul síos, maíonn an t-iarratasóir go sáraítear Airteagal 4 de Rialachán Uimh. 1107/2009 leis an Rialachán Cur Chun Feidhme atá faoi chonspóid, ar an bhforas nach gcomhlíontar na critéir formheasa leis.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear easpa ardleibhéal cosanta do shláinte an duine, do shláinte ainmhithe agus don chomhshaoil dá bhforáiltear sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus sa Rialachán Uimh. 1107/2009.

An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear easpa airde ar phrionsabal an réamhchúraim.

An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar an gceart chun maireachtáil i dtimpeallacht shláintiúil.

____________

1 IO L, 2023/2660.

1 Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO 2009 L 309, lch. 1).