Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 25 Bealtaine 2022 ag Laboratorios Ern, SA i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Séú Dlísheomra) a tugadh an 16 Márta 2022 i gCás T-315/21, Laboratorios Ern v EUIPO – Nordesta (APIAL)

(Cás C-342/22 P)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: Laboratorios Ern, SA (ionadaí: I. Miralles Llorca, abogada)

Páirtithe eile sna himeachtaí: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO), Nordesta GmbH

Le hordú an 28 Meán Fómhair 2022, chinn an Chúirt Bhreithiúnais (Dlísheomra a chineann ar chóir ligean d’achomhairc dul ar aghaidh) nár chóir ligean don achomharc dul ar aghaidh agus d’ordaigh sí do Laboratorios Ern, SA a chostais féin a íoc.

    

____________