Language of document :

Caingean arna tabhairt an 3 Aibreán 2024 – DO v BCE

(Cás T-180/24)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: DO (ionadaithe: L. Levi agus P. Baudoux, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Banc Ceannais Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh an chosantóra arna chorprú i nduillín tuarastail an iarratasóra i mí Iúil ar tugadh fógra ina leith an 14 Iúil 2023 a chur ar neamhní;

Cinneadh an chosantóra an 17 Deireadh Fómhair 2023 a chur ar neamhní, más gá, lena ndiúltaítear d’iarraidh an iarratasóra ar athbhreithniú riaracháin dar dáta an 25 Lúnasa 2023;

Cinneadh an chosantóra an 5 Feabhra 2024 a chur ar neamhní, más gá, lena ndiúltaítear d’iarraidh an iarratasóra ar nós imeachta casaoide dar dáta an 14 Nollaig 2023;

a ordú don chosantóir na costais go léir a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sáruithe ar na rialacha atá sna Rialacháin Chánach 1 agus i Rialacha Foirne BCE agus go ndearna an cosantóir earráid fhollasach measúnaithe.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na córa comhionainne.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an dualgas cúiseanna a lua.

____________

1 I ndáil leis sin, tagraíonn an t-iarratas do Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 260/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos na coinníollacha agus an nós imeachta maidir le cur i bhfeidhm na cánach chun tairbhe na gComhphobal Eorpach (IO, Eagrán Speisialta Béarla 1968 (I), lch. 37).