Iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Törvényszék (an Ungáir) a taisceadh an 18 Márta 2024 – LEGO A/S v Pozitív Energiaforrás Kft.
(Cás C-211/24, LEGO)
Teanga an cháis: an Ungáiris
An chúirt a rinne an tarchur
Fővárosi Törvényszék
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: LEGO A/S
Cosantóir: Pozitív Energiaforrás Kft.
Na ceisteanna a tharchuirtear
I gcás amhail atá sna príomhimeachtaí, ina bhfuil cosaint dearaidh á hagairt ag sealbhóir cirt, ar dearadh é atá inchosanta faoi Airteagal 8(3) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle an 12 Nollaig 2001 maidir le dearaí Chomhphobail 1 (an Rialachán), i dtaca le bloc amháin nó níos mó i bhfoireann de bhréagán tógála de chuid an chosantóra a chóimeáiltear ar an gcaoi chéanna le dearadh an iarratasóra, an bhfuil dlí an Aontais á chomhlíonadh le cleachtas breithiúnach ar dá réir a ghníomhaíonn údaráis bhreithiúnacha, le raon feidhme um dhearadh an iarratasóra a chosaintí a shocrú de réir bhrí Airteagal 10 den Rialachán,
ar bhonn úsáideoir feasach a bhfuil eolas teicniúil aige ar an dearadh agus ar fheidhm na táirge mar is dual do speisialtóir san earnáil,
trína mheas gur úsáideoir feasach atá ann a chuireann dearadh an iarratasóra i gcomparáid le táirge an chosantóra le mionscrúdú teicniúil córasach a dhéanamh, agus
ar an toimhde gur tuairim theicniúil go príomha atá sa tuairim atá ag an úsáideoir feasach ar an dearadh agus ar an táirge tríd is tríd?
I gcás atá ar chomhthréith leis an gceann thuasluaite, dá gcaithfí a chinneadh nach mbaineann an chosaint le bloc amháin nó níos mó i bhfoireann de bhréagán tógála an chosantóra, ach le méid beag i gcomparáid leis an stoc iomlán, an bhfuil sé i gcomhréir le dlí an Aontais go bhfuil sé de rogha ag cúirt iarratas ar thoirmeasc ar leanúint den fhoireann de bhréagán tógála a allmhairiú isteach sa tír a dhíbhe, i ndiaidh na ‘gcúiseanna maithe’ seo a leanas a chur san áireamh, mar a aicmítear iad chun críocha Airteagal 89(1) den Rialachán: cineál páirteach an tsáraithe, laghad na tromchúise agus méid an tsáraithe i dtaca leis an táirgí ina n-iomláine agus na leasanna a bhaineann le trádáil gan srian i bhfoirne de bhréagán tógála, rud atá gan srian den chuid is mó?
____________
1 IO 2002 L 3, lch. 1.