Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Sąd Rejonowy dla Łodzi-Śródmieścia w Łodzi (an Pholainn) a taisceadh an 20 Meán Fómhair 2023 – R.S.

(Cás C-582/23, Wiszkier 1 )

Teanga an cháis: an Polainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Sąd Rejonowy dla Łodzi-Śródmieścia w Łodzi

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: R.S.

Páirtithe eile sna himeachtaí: C. S.A., P.C. (riarthóir féimheachta do R.S. agus M.S.), M.K. (riarthóir dócmhainneachta do G. S.A., faoi leachtú), J.J., agus M.G.

Na ceisteanna a tharchuirtear:

Ní mór Airteagail 6(1) agus 7(1) de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra 1 a léiriú mar rialacha a chuireann cosc ar rialacha an dlí náisiúnta a fhorálann go bhfuil an chúirt féimheachta faoi cheangal ag an liosta. éileamh a cheadaíonn an breitheamh-coimisinéir in imeachtaí féimheachta, rud a chuireann cosc ar an gcúirt féimheachta a thugann an rialú deiridh sna himeachtaí ó mheasúnú an bhfuil téarmaí conarthacha éagórach?

Ní mór Airteagail 6(1) agus 7(1) de [Threoir 93/13/CEE] a léiriú mar ní a chuireann cosc ar rialacha an dlí náisiúnta lena dtoirmisctear bearta eatramhacha a ordú in imeachtaí féimheachta agus a d’fhéadfadh, dá bhrí sin, tomhaltóirí a dhíspreagadh ó leas a bhaint as an gcosaint a thug [an treoir sin] dóibh?

____________

1 Tugadh ainm bréige ar an gcás seo nach ionann é agus fíorainmneacha aon cheann de na páirtithe sna himeachtaí.

1 IO 1993 L 95, lch 29.