Language of document :

Caingean arna tabhairt an 30 Eanáir 2024 – an Coimisiún Eorpach v Éire

(Cás = "n" "Case"  IF = "o" "Joined Cases" C-69/24)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: J. Norris agus E. Schmidt, Gníomhairí)

Cosantóir: Éire

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

a dhearbhú gur mhainnigh Poblacht na hÉireann a hoibleagáidí faoi Airteagal 20 de Threoir (AE) 2019/1158 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/18/AE 1 ón gComhairle trí mhainneachtain na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an treoir sin a chomhlíonadh a ghlacadh, nó in aon chás trí mhainneachtain fógra a thabhairt don Choimisiún fúthu;

a ordú d’Éire cnapshuim a íoc leis an gCoimisiún a chomhfhreagraíonn don mhéid is airde de na méideanna seo a leanas (i) méid laethúil EUR 3 300 arna iolrú faoi líon na laethanta a lean an sárú ar aghaidh idir an lá tar éis don teorainn ama don trasuí a leagtar amach sa treoir dul in éag agus an dáta a dtiocfaidh deireadh leis an sárú, nó mura gcomhlíontar é, dáta craolta an bhreithiúnais faoi Airteagal 260 (3) CFAE; nó (ii) cnapshuim íosta EUR 1 540 000;

i gcás ina leanfar den mhainneachtain oibleagáidí an Bhallstáit dá dtagraítear sa [chéad fhleasc] a chomhlíonadh go dtí dáta craolta an bhreithiúnais sa chás seo, a ordú do Phoblacht na hÉireann íocaíocht phionósach EUR 14 850 a íoc leis an gCoimisiún in aghaidh an lae ó dháta craolta an bhreithiúnais sa chás seo go dtí an dáta a gcomhlíonfar na hoibleagáidí faoi Threoir (AE) 2019/1158

a ordú d’Éire na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Chuaigh an teorainn ama chun an Treoir a thrasuí in éag ar an 2 Lúnasa 2022.

Is é aidhm don Treoir maidir le Cothromaíocht Oibre is Saoil creat dlíthiúil an Aontais a neartú agus comhionannas inscne a chur chun cinn trí íoscheanglais a ráthú a bhaineann le saoire atharthachta, saoire tuismitheora agus saoire cúramóra, agus le socruithe solúbtha oibre d’oibrithe ar thuismitheoirí nó cúramóirí iad. De bhun Airteagal 20(1) den Treoir maidir le Cothromaíocht Oibre is Saoil, ceanglaítear ar na Ballstáit na dlíthe, na forálacha, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 2 Lúnasa 2022 ar a dhéanaí. Ceanglaítear ar na Ballstáit freisin an Coimisiún a chur ar an eolas faoi na forálacha dlí a glacadh lena mínítear conas a chomhfhreagraíonn siad d’fhorálacha na Treorach.

Áitíonn an Coimisiún nár chomhlíon Poblacht na hÉireann an oibleagáid sin. Luaitear ann gur sheol sé, dá réir sin, litir fógra fhoirmiúil chuig Poblacht na hÉireann an 21 Meán Fómhair 2022. Thug Poblacht na hÉireann freagra ar an litir fógra fhoirmiúil sin le litreacha an 22 Samhain 2022 inar míníodh gurbh é ba chúis leis an moill ar thrasuí Threoir (AE) 2019/1158 go raibh an reachtaíocht is gá chun a hoibleagáidí faoin Treoir a chur chun feidhme ag dul tríd an nós imeachta reachtach intíre.

Áitíonn an Coimisiún gur sheol sé tuairim réasúnaithe chuig Poblacht na hÉireann an 19 Aibreán 2023, ar thug Poblacht na hÉireann freagra i litir dar dáta an 19 Meitheamh inar n-admhaigh sé nár thrasuigh sí an Treoir ina hiomláine agus go raibh obair ‘idir lámha’ maidir leis sin. I gcomhfhreagras breise ó Phoblacht na hÉireann dar dáta an 24 Iúil 2023 agus an 13 Samhain 2023, chuir Poblacht na hÉireann in iúl gur oth léi nach ndearnadh an Treoir a thrasuí go hiomlán go fóill. Go háirithe, níl reachtaíocht chun foráil a dhéanamh maidir leis an teidlíocht ar obair sholúbtha de bhun Airteagal 9 den Treoir éifeachtach go fóill faoin dlí náisiúnta. Thug Poblacht na hÉireann le fios go bhfuil obair fós ar siúl.

Áitíonn an Coimisiún nár chomhlíon Poblacht na hÉireann a hoibleagáid faoi Airteagal 20 de Threoir (AE) 2019/1158 maidir leis na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir sin a chomhlíonadh a ghlacadh faoin 2 Lúnasa 2022 agus an Coimisiún a chur ar an eolas faoi sin láithreach. Áitíonn sé, dá bhrí sin, go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le hAirteagal 260(3) CFAE a chur i bhfeidhm.

Dá bhrí sin, maíonn an Coimisiún gur cheart a ordú do Phoblacht na hÉireann cnapshuim agus íocaíocht phionósach a íoc de bhun Airteagal 260(3) CFAE agus iarrann sé méideanna a ríomh sé i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le smachtbhannaí airgeadais in imeachtaí um shárú. 1

____________

1 IO 2019 L 188, lch. 79.

1 IO 2023 C 2, lch. 1.