Caingean arna tabhairt an 29 Lúnasa 2023 – Sandhold v EUIPO – Grupo de Bodegas Vinartis (PATAPOUF)
(Cás T-540/23)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Sandhold BV (Leiden, an Ísiltír) (ionadaí: A. Spiegeler, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Grupo de Bodegas Vinartis, SA (Maidrid, an Spáinn)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “Patapouf” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 445 273
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 1 Meitheamh 2023 i gCás R 2553/2022-2
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
a ordú do EUIPO a chostais féin, agus na costais arna dtabhú ag Sandhold B.V., a íoc;
a ordú do Grupo de Bodegas Vinartis, S.A. a chostais féin a íoc.
Saincheisteanna dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil leis an sainmhíniú ar an “pobal ábhartha” maidir leis an dóchúlacht go mbeadh mearbhall ann;
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an measúnú ar an dóchúlacht go mbeadh mearbhall ann trí dhiúltú dul ar aghaidh leis an gcomparáid choincheapúil agus gan ardcháil an táirge a bhaineann leis an trádmharc níos luaithe a chur san áireamh.
____________