Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale di Bolzano (an Iodáil) a taisceadh an 8 Márta 2022 – Imeachtaí coiriúla in aghaidh Daoine anaithnide
(Cás C-178/22)
Teanga an cháis: an Iodáilis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunale di Bolzano
Páirtí sna príomhimeachtaí
Daoine anaithnide
An cheist a tharchuirtear
An gcuirtear cosc le hAirteagal 15(1) de Threoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 1 ar fhoráil den dlí náisiúnta amhail an fhoráil atá in Airteagal 132 de Fhoraithne Reachtach Uimh. 196 an 30 Meitheamh 2003 (an Cód Príobháideachais), ar leasaíodh mír 3 di le Dlí Foraithne Uimh. 132 an 30 Meán Fómhair 2021, a tiontaíodh maille le leasuithe i nDlí Uimh. 178 an 23 Samhain 2021 agus, ina leagan reatha, dá bhforáiltear mar a leanas:
3. Laistigh den tréimhse coinneála arna leagan síos le dlí, má tá dóthain fianaise ann go ndearnadh cion a fhorordaítear leis an dlí pionós príosúnacht saoil nó pionós príosúnacht nach lú ná trí bliana, arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 4 den Chód um Nós Imeachta Coiriúil, nó cion i leith bagairt agus ciapadh nó suaitheadh a chur ar dhaoine trí theileafóin, i gcás ina bhfuil an bhagairt, an ciapadh agus an suaitheadh tromchúiseach, féadfar sonraí a fháil, i gcás inarb ábhartha chun na fíorais a shuí, le réamhúdarú na Cúirte, trí ordú réasúnaithe, arna iarraidh sin ón ionchúisitheoir poiblí nó le hiarratas ó ionadaí dlíthiúil an chosantóra, duine atá faoi imscrúdú, duine díobhálaithe agus aon páirtí príobháideach eile?
____________
1 Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO 2002,L 201, lch. 37).