Caingean arna tabhairt an 29 Iúil 2022 – QM v an Chomhairle
(Cás = "n" "Case" IF = "o" "Joined Cases" C-471/22)
Teanga an cháis: an Bhulgáiris
Páirtithe
Iarratasóir: QM (ionadaí: St. Koev, Dlíodóir)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:
a chinneadh go bhfuil an chaingean inghlactha agus go bhfuil bunús maith léi ina hiomláine agus a chinneadh go bhfuil bunús maith ina n-iomláine ag na saincheisteanna dlí a leagtar amach inti;
a chinneadh go bhféadfaí na bearta atá faoi chonspóid a chur ar neamhní go páirteach;
Cinneadh (CBES) 2022/849 ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 lena leasaítear Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Siria1 a chur ar neamhní a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir;
Rialachán Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria 1 a chur ar neamhní a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir;
a ordú do Chomhairle an Aontais Eorpaigh costais an iarratasóra go léir chomh maith le costais, speansais, táillí agus caiteachas eile a bhaineann lena chosaint dlí a íoc.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir seacht saincheist dlí.
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú tromchúiseach ar an gceart chun chosaint a fháil agus ar an gceart chun trialach córa.
An dara saincheist dlí lena n-éilítear mainneachtain ag an gComhairle a hoibleagáid cúiseanna a shonrú a chomhlíonadh.
An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an gceart chun cosanta breithiúnaí éifeachtaí.
An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear earráid mheasúnaithe ag an gComhairle.
An cúigiú saincheist, lena n-éilítear sárú ar an gceart chun maoine, ar phrionsabal na comhréireachta agus ar an gceart chun saoirse fiontraíochta.
An séú saincheist, lena n-éilítear sárú ar an gceart chun gnáthshaoil.
An seachtú saincheist, lena n-éilítear sárú tromchúiseach ar an gceart chun dea-chlú.
____________
1 IO 2022 L 148, lch. 52.
1 IO 2022 L 148, lch. 8.