Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 13 Nollaig 2023 – Van Oosterwijck v an Coimisiún

(Cás T-622/22)1

(Státseirbhís – Oifigigh – Céile marthanóra – Pinsean an mharthanóra – Diúltú deonúcháin – Coinníollacha incháilitheachta – Fad an phósta – Airteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne – Pléadáil neamhdhleathachta – Cóir chomhionann)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Viviane Van Oosterwijck (Kontich, an Bheilg) (ionadaithe: F. Moyse agus L. Heisten, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: M. Brauhoff agus G. Niddam, Gníomhairí)

Idiragraithe, mar thaca leis an gcosantóir: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: S. Bukšek Tomac agus A. Krachler, Gníomhairí), Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: M. Bauer agus X. Chamodraka, Gníomhairí)

Ábhar

Trína caingean faoi Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí an cinneadh ón gCoimisiún Eorpach an 15 Nollaig 2021 lena ndiúltaítear dá hiarratas ar phinsean marthanóra a chur ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

Diúltaítear don chaingean.

Ordaítear do Viviane Van Oosterwijck a cuid costas féin agus na costais a thabhaíonn an Coimisiún Eorpach a íoc.

Ordaítear do Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus do Pharlaimint na hEorpa a gcostais féin a íoc.

____________

1     IO C 441, 21.11.2022.