Caingean arna tabhairt an 7 Feabhra 2024 – BBF Company v EUIPO – Monster Energy (INSOMNIA ENERGY)
(Cás T-59/24)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Shoqëria Tregtare BBF Company SHPK (Ferizaj, an Chosaiv) (ionadaí: A. Kostov, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Monster Energy Co. (Corona, California, na Stáit Aontaithe)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ina bhfuil an ghné focail INSOMNIA ENERGY de dhathanna dubh, glas agus bán – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 15 905 045
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú
An cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de chuid EUIPO an 7 Nollaig 2023 i gCás R 258/2023-4
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
a ordú go ndéanfar costais na n-imeachtaí a aisíoc.
Saincheisteanna dlí
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ;
Sárú ar Airteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________