Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Naczelny Sąd Administracyjny (an Pholainn) a taisceadh an 19 Iúil 2023 – E. sp. z o.o. v Prezydentowi Miasta Mielca

(Cás C-453/23, Prezydent Miasta Mielca)

Teanga an cháis: an Pholainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Naczelny Sąd Administracyjny

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: E. sp. z o.o.

Cosantóir: Prezydent Miasta Mielca

Páirtí eile sna himeachtaí: Rzecznik Małych i Średnich Przedsiębiorców

Na ceisteanna a tharchuirtear:

I bhfianaise Airteagal 107(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, an saobhtar iomaíocht, nó an mbagraítear iomaíocht a shaobhadh, le faoiseamh cánach a dheonú do gach trádálaí, amhail an faoiseamh cánach dá dtagraítear in Airteagal 7(1)(1)(a) den Ustawa z dnia 12 stycznia 1991 r. o podatkach i opłatach lokalnych (Dlí an 12 Eanáir 2019 maidir le cáin agus táillí áitiúla) (Dz. U. 2019, mír 1170, arna leasú), lenarb í atá i gceist ná díolúine ó cháin ar mhaoin dho-aistrithe le haghaidh talamh, foirgnimh agus struchtúir a bhaineann le bonneagar iarnróid de réir bhrí na bhforálacha maidir le hiompar ar iarnród, ar díolúine í a chuirtear ar fáil do ghnóthais iarnróid?

Má tá freagra dearfach ar Cheist 1, an ndlitear íoc na chánach gan íoc, móide ús, ar thradálaí a bhfuil díolúine ó cháin faighte aige de réir na forála náisiúnta thuasluaite, ar díolúine ó cháin í ar tugadh isteach gan déanamh de réir an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 108(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, i gcomhar le hAirteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 2015/1589 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm? 1

    

____________

 1 IO 2015 L 248, lch. 9.