Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 20 Iúil 2023 ag Deutsche Lufthansa AG i gcoinne breithiúnais na Cúirte Ginearálta (an Deichiú Dlísheomra, Comhdhéanamh Méadaithe) a tugadh an 10 Bealtaine 2023 i gCásanna Uamtha T-34/21 agus T-87/21, Ryanair agus Condor Flugdienst v an Coimisiún (Lufthansa; COVID-19)

(Cás C-457/23 P)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: Deutsche Lufthansa AG (ionadaithe: H.-J. Niemeyer, C. Wilken, J. Burger agus C. Sielmann, Rechtsanwälte)

Páirtithe eile sna himeachtaí: Ryanair DAC, Condor Flugdienst GmbH, an Coimisiún Eorpach, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Poblacht na Fraince

An t-ordú atá á lorg

Iarann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar ceal agus na h-iarratais arna tabhairt ag Ryanair i gcás T-34/21 agus ag Condor i gcás T-87/21 a dhíbhe;

a ordú do Ryanair agus do Condor na costais ar achomharc a íoc i gcomhpháirt agus a ordú do Ryanair costais na n-imeachtaí ag an gcéad chéim a íoc maidir le cás T-34/21 agus a ordú do Condor costais na n-imeachtaí ag an gcéad chéim a íoc maidir le cás T-87/21.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an achomharc, maíonn an t-achomharcóir sé shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí ina léiriú ar phointe 49(c) den Chreat Sealadach 1 trína ceanglas ar an gCoimisiún Eorpach a mheas an féidir le tairbhí codanna neamhdhiomaibhseach dá riachtanais leachtachta a fháil ar an margadh agus trí neamhaird á déanamh ar chásdlí Tempus na Cúirte Breithiúnais 2 , mar níor ceanglaíodh ar an gCoimisiún Eorpach cuardach agus scrúdú a dhéanamh ar fhaisnéis bhreise faoi acmhainní airgeadais an achomharcóra ag an am.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí tríd an chaighdeán dhlíthiúil mícheart a chur i bhfeidhm agus iad ag déanamh measúnú ar shásra malartach in áit sásra uaschéimneach. Thug an Chúirt Ghinearálta neamhaird d‘éifeachtaí foriomlána carntha an athchaipitlithe agus rinne sí earráid nuair a chinn sí nach mór beart dinimiciúil cúnaimh ex-post a bheith ag an sásra malartach i gcónaí. Cé go mbaineann na buncheisteanna le measúnú fíor eacnamaíoch, chuir an Chúirt Ghinearálta isteach ar an lánrogha leathan atá ag an gCoimisiún Eorpach agus chuir sí aicmiú dlíthiúil mícheart de na fíorais ar aghaidh.

An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a chinn sí nach bhfuil cead ag an gCoimisiún Eorpach glacadh le praghas feidhmithe malartach in áit an praghas lena leagtar amach i bpointe 67 den Chreat Sealadach. Sháraigh an Chúirt Ghinearálta an lánrogha leathan atá ag an gCoimisiún Eorpach chun glacadh le modheolaíochtaí malartacha, d’ainneoin nach bhfuil feidhm ag Praghas Teoiriciúil Ex-Cearta de bhun pointe 67 den Chreat Sealadach.

An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear go ndeachaigh an Chúirt Ghinearálta thar raon réimse a hathbhreithnithe bhreithiúnaigh agus go ndearna sí earráid nuair a chinn sí go raibh sé de dhualgas ar an gCoimisiún Eorpach breithniú a dhéanamh ar thosca breise (e.g. sciar den mhargadh, minicíochtaí) agus iad ag déanamh measúnú ar chumhacht shuntasach sa mhargadh (Chreat Sealadach 72) agus, bunaithe ar na critéir arna gcur i bhfeidhm, nach bhféadfadh an Coimisiún Eorpach aimsiú go cuí nach bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh ag Lufthansa AG ag aerfort Düsseldorf agus aerfort an Vín.

An cúigiú saincheist dlí, lena n-éilítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta a measúnú féin a chur in ionad measúnú an Choimisiúin Eorpaigh nuair a chinn sí nach raibh sé iomchuí iomaitheoirí atá bunaithe in aerfort Frankfurt am Main agus München a eisiamh ón dífheistiú sliotáin. Thángthas salach uirthi féin lena torthaí maidir le éifeachtúlacht na ngealltanas sliotáin agus iad ag déanamh measúnú ar na héifeachtaí ar chaomhnú iomaíocht éifeachtach.

An séú saincheist dlí, lena n-éilítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid nuair a chinn sí gur sháraigh an Coimisiún Eorpach a hoibleagáid cúiseanna a lua maidir le luach saothair an phacáiste dífheistiú sliotáin.

____________

1 Teachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Márta 2020 dar teideal ‘Creat Sealadach an Choimisiúin maidir le bearta státchabhrach chun tacú leis an ngeilleagar le linn ráig reatha COVID-19’ (IO 2020 C 91 I, lch. 1) arna leasú an 3 Aibreán 2020 (IO 2020 C 112 I, lch. 1) agus an 8 Bealtaine 2020 (IO 2020 C 164, lch. 3).

1 Breithiúnas an 2 Meán Fómhair 2021, Tempus v an Coimisiún, C-57/19 P, EU:C:2021:663.