Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 3 Márta 2022 ag Gminę Miasto Gdynia agus Port Lotniczy Gdynia-Kosakowo sp. z o.o. i gcoinne an bhreithiúnais a fógraíodh an 21 Nollaig 2021 i gCás T-263/15 RENV, Gmina Miasto Gdynia agus Port Lotniczy Gdynia-Kosakowo v an Coimisiún

(Cás C-163/22 P)

Teanga an cháis: an Pholainnis

Páirtithe

Iarratasóir: Gmina Miasto Gdynia agus Port Lotniczy Gdynia-Kosakowo sp. z o.o. (ionadaithe: K. Gruszecka-Spychała, P. K. Rosiak, radcy prawni)

Páirtithe eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach, Poblacht na Polainne

An t-ordú atá á lorg

breithiúnas na Cúirte Ginearálta a fógraíodh an 21 Nollaig 2021 i gCás T 263/15 RENV, Gmina Miasto Gdynia agus Port Lotniczy Gdynia-Kosakowo v an Coimisiún a chur ar neamhní;

breithiúnas críochnaitheach a thabhairt sa chás, lena ndearbhaítear go bhfuil bunús maith leis an gcéad, an ceathrú agus an séú saincheist dlí den bhunchaingean, a mhéid a bhaineann leis an achomharc seo, agus ag neamhniú an chinnidh atá faoi chonspóid i gcomhréir leis an bhfoirm ordaithe bunaidh a bhí á lorg;

rialú a thabhairt sa bhreithiúnas dá dtagraítear sa dara fleasc thuas maidir le costais na n-imeachtaí ag an gcéad chéim agus na n-imeachtaí achomhairc.

Foras leis an achomharc agus príomhargóintí

An chéad fhoras achomhairc, lena n-éilítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí maidir le léiriú Airteagal 107(1) i gcomhthéacs na hanailíse ar an gcéad chuid den chéad saincheist dlí den bhunchaingean maidir leis an mbuntáiste a shainaithint go mícheart agus an méid cúnaimh atá le haisghabháil a shocrú go mícheart, arna ardú i gcomhthéacs an cheathrú saincheist dlí den bhunchaingean.

An dara foras achomhairc, lena n-éilítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí sa mhéid nár chur an Chúirt san áireamh, agus an dara foras den séú saincheist dlí maidir le neamhdhleathacht Chinneadh 2014/883/AE1 a tharraingt siar agus a ionadú ag an gcinneadh atá faoi chonspóid á scrúdú aici, prionsabal an ionchais dhlisteanaigh, prionsabal na deimhneachta dlíthiúla, agus prionsabal na cosanta dlí éifeachtaí, trí léiriú neamhdhleathach a ghlacadh a chuireann ar chumas an Choimisiúin a bheart dlí féin a chonspóideadh cheana féin os comhair na Cúirte Ginearálta a tharraingt siar agus a leasú faoi shaoirse, gan leasanna agus ionchais an pháirtí a chonspóid an beart sin a chur san áireamh.

An tríú foras achomhairc, lena n-éilítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus an tríú foras den séú saincheist dlí den bhunchaingean maidir le sárú ar chearta nós imeachta na n-iarratasóirí á meas aici, chomh maith le prionsabal an dea-riaracháin, prionsabal an chomhair dhílis agus prionsabal an ionchais dhlisteanaigh, sa mhéid nár thug sí aitheantas don oibleagáid atá ar an gCoimisiún an cinneadh chun an nós imeachta a thionscnamh a leasú nó oibleagáid an Choimisiúin cinneadh nua a ghlacadh chuige sin, i gcás ina bhfuil na coinníollacha a shonraítear sa bhreithiúnas faoi achomharc gur gá leo chun an cinneadh chun an nós imeachta a thionscnamh a cheartú nó a fhadú comhlíonta.

____________

1 Cinneadh ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2014 maidir le beart SA.35388 (13/C) (ex 13/NN agus ex 12/N) – an Pholainn – Aerfort Gdynia-Kosakowo a chruthú (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2014) 759); IO 2014 L 357, lch. 51.