Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 21 Feabhra 2024 – Roethig López v EUIPO – William Grant & Sons Irish Brands (AMAZONIAN GIN COMPANY)
(Cás T-756/22) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí neamhbhailíochta –Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘AMAZONIAN GIN COMPANY’ – Dearbhfhorais neamhbhailíochta – Cineál tuairisciúil – Airteagail 7(1)(c) agus 59(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Eric Roethig López (Lluchmajor, an Spáinn) (ionadaithe: J. Carbonell Callicó agus E. Felip Corrius, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: M. Eberl agus V. Ruzek, Gníomhairí)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: William Grant & Sons Irish Brands Ltd (Baile Átha Cliath, Éire) (ionadaí: M. Borucka, Dlíodóir)
Ábhar
Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 23 Meán Fómhair 2022 (Cás R 1978/2021 5) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1. Diúltaítear don chaingean.
2. Ordaítear do Eric Roethig López na costais a íoc.
____________
1 IO C 24, 23.1.2023.