Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 4 Eanáir 2024 ag BNP Paribas Public Sector SA i gcoinne bhreithiúnais na Cúirte Ginearálta (an Seachtú Dlísheomra) a tugadh an 25 Deireadh Fómhair 2023 i gCás T-688/21, BNP Paribas Public Sector v BRA

(Cás C-4/24 P)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Achomharcóir: BNP Paribas Public Sector SA (ionadaithe: A. Champsaur, A. Delors, avocates)

Páirtithe eile sna himeachtaí: an Bord Réitigh Aonair, Poblacht na Fraince, Fédération bancaire française

An t-ordú atá á lorg

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 25 Deireadh Fómhair 2023, BNP Paribas Public Sector v BRA (T-688/21) a chur ar ceal;

an t-ordú arna lorg ag BNP Paribas Public Sector ag an gcéad chéim os comhair na Cúirte Ginearálta maidir leis na gealltanais íocaíochta neamh-inchúlghairthe a ndearna sé le BRA do na tréimhsí ranníocaíochta ó 2016 go 2021;

a ordú do BRA na costais go léir a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Sa chéad áit, rinne an Chúirt Ghinearálta roinnt earráid dlí.

Ar an gcéad dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a léirigh sí Airteagal 7(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/81 1 ar shlí nach bhfuil i gcomhréir leis na prionsabail maidir le léiriú ar dhlí an Aontais.

Ar an dara dul síos, sháraigh an Chúirt Ghinearálta Airteagal 70(1) de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014, Airteagal 7(2) agus (3) de Rialachán Cur Chun Feidhme 2015/81 agus prionsabal na córa comhionainne.

Ar an triú dul síos, níl aon bhunús dlí ag réasúnaíocht na Cúirte Ginearálta sa mhéid is go bhfuil sé bunaithe ar Airteagail 69(1) agus 70(4) de Rialachán Uimh. 806/2014 1 .

Ar an gceathrú dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta Airteagal 7(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme 2015/81 a shaobhadh agus chuir sí an tAirteagal sin ó éifeacht agus rinne sí Airteagal 7(2) den Rialachán sin a shaobhadh.

Ar an gcúigiú dul síos, agus mar mhalairt air sin, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí toisc gur thug sí tosaíocht do na forálacha ginearálta d’Airteagal 70(4) de Rialachán Uimh. 806/2014 agus Airteagal 7(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme 2015/81 seachas na forálacha sonracha a bhaineann le gealltanais íocaíochta neamh-inchúlghairthe a leagtar síos in Airteagal 7(2) agus (3) de Rialachán Cur Chun Feidhme 2015/81.

Sa dara háit, tá an breithiúnas faoi achomharc curtha ó bhail de dheasca mainneachtain cúiseanna a lua agus réasúnaíocht chontrártha.

____________

1 Rialachán Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 19 Nollaig 2014 lena sonraítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán Uimh. 806/2014 i ndáil le ranníocaíochtaí ex ante le FRU (IO 2015, L 15, lch. 1).

1 Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO 2014, L 225, lch. 1).