Caingean arna tabhairt an 15 Nollaig 2023 – Jacob Cohen Company v EUIPO – Giada (613)
(Cás T-1159/23)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Iodáilis
Páirtithe
Iarratasóir: Jacob Cohen Company SpA (Milano, an Iodáil) (ionadaithe: L. Trevisan, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Giada SpA (Adria, an Iodáil)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘613’ – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 244 164
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 9 Deireadh Fómhair 2023 i gCás R 1439/2022-5
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
a ordú go ndiúltófar an t-iarratas ar chlárú trádmhairc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 18 244 164 ‘613’ i ndáil le gach táirge agus seirbhís a éilítear;
a ordú do Giada SpA costais na n-imeachtaí seo, chomh maith le costais na n-imeachtaí freasúra agus achomhairc roimhe sin, lena n-áirítear costais dlí a íoc.
Saincheisteanna dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 8(4) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
Sárú ar Airteagal 8(3) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________