Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Amtsgerichts Frankfurt am Main (an Ghearmáin) arna taisceadh an 25 Feabhra 2022 - flightright GmbH v Swiss International Air Lines AG

(Cás C-131/22)

Teanga an cháis: An Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Amtsgericht Frankfurt am Main

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: flightright GmbH

Cosantóir: Swiss International Air Lines AG

Na ceisteanna a tharchuirtear

An imthosca urghnácha, de réir bhrí Airteagal 5(3) de Rialachán Uimh. 261/20041 , iad dálaí aimsire atá neamh-chomhoiriúnach le heitilt a oibriú, beag beann ar a gcineál sonrach?

Má thugtar freagra diúltach ar Cheist 1, an féidir cineál eisceachtúil na ndálaí aimsire a chinneadh de réir a minicíochta réigiúnaí agus séasúraí san áit agus ag an tráth a thagann siad chun cinn?

An imthosca urghnácha iad de réir bhrí Airteagal 5(3) de Rialachán Uimh. 261/2004 go bhfuil cinneadh maidir le bainistíocht aerthráchta maidir le heitilt shonrach i gcomhair lá sonrach ina chúis le moill fhada, moill thar oíche, nó cealú eitilte amháin nó níos mó ar an eitleán sin, beag beann ar an bhforas leis an gcinneadh sin?

Má thugtar freagra diúltach ar Cheist 3, an gcaithfidh an foras leis an gcinneadh féin a bheith urghnách, sa chaoi nach mbeifí ag súil leis?

____________

1 Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91 (IO2004 L 46, lch. 1).