Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Oberster Gerichtshofs (an Ostair) a taisceadh an 2 Feabhra 2024 - Verein für Konsumenteninformation v BAWAG P.S.K. Bank für Arbeit und Wirtschaft und Österreichische Postsparkasse AG

(Cás C-85/24, BAWAG)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Oberster Gerichtshof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir agus achomharcóir ar phointe dlí: Verein für Konsumenteninformation

Cosantóir agus freagróir ar phointe dlí: BAWAG P.S.K. Bank für Arbeit und Wirtschaft und Österreichische Postsparkasse AG

An cheist a tharchuirtear:

An bhfuil Airteagal 13(1)(g) de Threoir 2014/17/AE 1 le léiriú sa chaoi nach ndéantar sárú air i gcás ina soláthraíonn creidiúnaí iasachtaí tí le morgáiste agus gan mhorgáiste, gach ceann díobh ina leaganacha éagsúla ((a) iasachtaí nach bhfuil ach céimeanna ráta úis seasta acu, (b) iasachtaí ag a bhfuil céimeanna rátaí úis athraitheacha agus céimeanna ráta úis seasta acu, agus (c) iasachtaí nach bhfuil ach céimeanna rátaí úis athraitheacha acu), sampla ionadaíoch (aonair) d’iasacht tí gan mhorgáiste chomh maith le hiasacht tí le morgáiste, nó an éilíonn an fhoráil sin go gcuirfí sampla ionadaíoch ar fáil do gach cineál ráta úis?

____________

1     Treoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le comhaontuithe creidmheasa do thomhaltóirí i dtaca le maoin chónaithe dho-aistrithe agus lena leasaítear Treoracha 2008/48/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO 2014 L 60, lch. 34).