Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 11 Aibreán 2023 ag Penya Barça Lyon: Plus que des supporters (PBL) agus Issam Abdelmouine i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Chéad Dlísheomra) a tugadh an 8 Feabhra 2023 i gCás T-538/21, PBL agus WA v an Coimisiún

(Cás C-224/23 P)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Achomharcóirí: Penya Barça Lyon: Plus que des supporters (PBL), Issam Abdelmouine (ionadaí: J. Branco, Dlíodóir)

Páirtí eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann na hachomharcóirí ar an gCúirt:

breithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 8 Feabhra 2023 i gCás T-538/21 PBL agus WA v an Coimisiún a chur ar neamhní ina iomlán;

an t-ordú cinntitheach atá á lorg ag na hachomharcóirí ag an gcéad chéim a dheonú ina iomlán.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an achomharc, maíonn na hachomharcóirí roinnt shaincheist.

Ar an gcéad dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid maidir le toimhdí na bhfíoras agus an dlí, trí dhiúltú don iarratas ar neamhniú i leith Penya Barça Lyon, toisc é a bheith neamh-inghlactha, toisc, ar dtús, gur mó leas an chéad achomharcóra in imeachtaí a thionscnamh ná leas an dara achomharcóra sa chás ina dtionscnaíonn roinnt daoine caingean aonair agus, ar an dara dul síos, trí dhiúltú do thairiscint na n-achomharcóirí fianaise chun leas an chéad achomharcóra in imeachtaí a thionscnamh a léiriú.

Ar an dara dul síos, sháraigh an Chúirt Ghinearálta cearta nós imeachta na n-achomharcóirí trí mhainneachtain rialú a thabhairt ar shaincheist arna tíolacadh maidir le nádúr lánroghnach chumhacht an Choimisiúin i ndáil leis na gearáin a cuireadh faoina bráid.

Ar an tríú dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trí neamhaird a thabhairt ar aon leas díreach eacnamaíoch airgeadais i bhfíoras chás na n-achomharcóirí.

Ar an gceathrú dul síos, maíonn na hachomharcóirí go ndearnadh sárú ar Airteagal 1(h) de Rialachán (AE) 2015/15891 sa mhéid is gur thug an Chúirt Ghinearálta neamhaird ar stádas an dara hachomharcóir mar pháirtí leasmhar agus trína dhearbhú nach bhfuil leasanna an achomharcóra sin inchomparáide le leas scairshealbhóra.

Ar an gcúigiú dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid trína dhearbhú nach raibh tionchar ag an bhfianaise nua a thaisc na hachomharcóirí ar lá na héisteachta ar mheasúnuithe na Cúirte Ginearálta ar a dlínse, agus ar inghlacthacht agus ar bhunús ghníomh na n-achomharcóirí.

Ar an séú dul síos, maíonn na hachomharcóirí coinbhleacht leasa i ndáil le breitheamh atá ina chuid d’fhormíocht na Cúirte Ginearálta.

____________

1 Rialachán ón gComhairle an 13 Iúil 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm (téacs códaithe) (IO 2015 L 248, lch. 9).