Language of document :

Caingean arna tabhairt an 17 Iúil 2023 – Poblacht na Polainne v Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh

(Cás C-444/23)

Teanga an cháis: an Pholainnis.

Páirtithe

Iarratasóir: Poblacht na Polainne (ionadaí: B. Majczyna, Gníomhaire)

Cosantóirí: Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Rialachán (AE) 2023/851 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Aibreán 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/631 a mhéid a bhaineann leis na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 a láidriú do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua i gcomhréir le huaillmhian aeráide mhéadaithe an Aontais1 a chur ar neamhní ina iomláine;

mar mhalairt air sin, Rialachán 2023/851 a chur ar neamhní i bpáirt, a mhéid a bhaineann sé le spriocanna astaíochtaí a bhunú  do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua, a bheidh infheidhme ón 1 Eanáir 2035, mar a leagtar amach in Airteagal 1(1)(b) den Rialachán sin, má chinneann an Chúirt Bhreithiúnais nach dtugann na pléadálacha a ardaíodh údar cuí leis an iarratas ar an rialachán sin a chur ar neamhní ina iomláine;

a ordú do Pharlaimint na hEorpa agus do Chomhairle an Aontais Eorpaigh na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar Airteagal 192(2)(c) CFAE

Dar leis an bPolainn, sháraigh na hinstitiúidí atá ina gcosantóirí Airteagal 192(2)(c) CFAE trí mhainneachtain an rialachán atá faoi chonspóid a ghlacadh ar bhonn na forála sin den Chonradh, lena n-éilítear aontoilíocht sa Chomhairle, cé go ndéanann an rialachán atá faoi chonspóid difear suntasach do rogha Ballstáit idir foinsí éagsúla fuinnimh agus struchtúr ginearálta a sholáthair fuinnimh.

2. Saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar Airteagal 3(1) agus (3) CAE, Airteagal 9 CFAE, agus Airteagal 6(1) CAE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 21 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh

Measann an Pholainn, trí na spriocanna astaíochtaí a leagan síos do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua dá bhforáiltear in Airteagal 1(1)(b) den Rialachán atá faoi chonspóid, a mbeidh tionchar tromchúiseach aige ar thionscal gluaisteán na hEorpa agus ar earnálacha eacnamaíocha gaolmhara agus ar an tsochaí, gur sháraigh reachtas an Aontais a oibleagáid dea-bhail phobail an Aontais a chur chun cinn (Airteagal 3(1) CAE), an oibleagáid ceartas sóisialta a chur chun cinn, an oibleagáid fás eacnamaíoch inbhuanaithe a chur chun cinn agus comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach agus dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit a chur chun cinn (Airteagal 3(3) CAE), an oibleagáid aird a thabhairt ar na ceanglais atá nasctha le hardleibhéal fostaíochta a chur chun cinn agus leis an eisiamh sóisialta a chomhrac (Airteagal 9 CFAE), chomh maith leis an toirmeasc ar idirdhealú ar fhorais maoine faoin gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (Airteagal 21(1).

3. Saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta (Airteagal 5(4)) CAE) agus sárú ar Airteagal 191(2) CFAE

Tá an Pholainn den tuairim nach bhfuil forálacha an Rialacháin atá faoi chonspóid ag luí le prionsabal na comhréireachta toisc, ar an gcéad dul síos, nach bhfuil siad oiriúnach chun cuspóirí Airteagal 191(2) CFAE a bhaint amach agus, ar an dara dul síos, go bhfuil na míbhuntáistí a thagann as, lena n-áirítear costais, go follasach díréireach leis na haidhmeanna atá á saothrú. Dár leis an Pholainn, is mó i bhfad na costais a bhaineann le geilleagair agus sochaithe san Aontas a chur in oiriúint do na caighdeáin láidrithe i ndáil le laghduithe ar astaíochtaí CO2 a leagtar síos sa Rialachán atá faoi chonspóid ná na tairbhí a eascraíonn astu. Cuirtear ualaí iomarcacha leis an rialachán atá faoi chonspóid i leith an aistriú i dtreo soghluaisteachta astaíochtaí nialasacha, ar shaoránaigh na hEorpa, go háirithe orthu siúd nach bhfuil chomh saibhir céanna, agus ar earnáil ghnó mótarfheithiclí na hEorpa. Tá an baol ann go mbeidh tionchar diúltach tromchúiseach ag an rialachán atá faoi chonspóid ar thionscal gluaisteán na hEorpa, ar eisiamh sóisialta, ar eisiamh iompair i gcás daoine bochta agus go leathnófaí an bhearna idir na saoránaigh i gcaighdeáin mhaireachtála. Ina theannta sin, ní thugtar aird leordhóthanach sa rialachán atá faoi chonspóid ar éagsúlacht na staideanna i réigiúin éagsúla an Aontais Eorpaigh, as a dtagann sárú ar Airteagal 191(2) CFAE.

4) Saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an oibleagáid anailís chuí a dhéanamh ar thionchar an rialacháin atá faoi chonspóid agus sárú ar Airteagal 191(3) CFAE

Dár leis an Pholainn, sháraigh na hinstitiúidí atá ina gcosantóirí an oibleagáid measúnú tionchair leordhóthanach a sholáthar, ós rud é go bhfuil easnaimh bhunúsacha sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis an Rialachán atá beartaithe maidir le tionchar na n-oibleagáidí agus na gcuspóirí a leagtar amach sa Rialachán ar Bhallstáit aonair. Ag an am céanna, níor cuireadh san áireamh go leordhóthanach na sonraí eolaíocha agus teicniúla atá ar fáil, na tairbhí agus na costais a d’fhéadfadh a bheith ag baint le gníomhaíocht nó neamhghníomhaíocht, chomh maith le forbairt eacnamaíoch agus shóisialta an Aontais ina iomláine ná forbairt inbhuanaithe a réigiún, de shárú ar Airteagal 191(3) CFAE.

____________

1 IO 2023, L 110, lch. 5