Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Prim’Awla tal-Qorti Ċivili (Málta) a taisceadh an 14 Iúil 2023 – FB v European Lotto and Betting Ltd agus Deutsche Lotto-und Sportwetten ltd.

(Cás C-440/23, European Lotto and Betting agus Deutsche Lotto- und Sportwetten)

Teanga an cháis: an Béarla

An chúirt a rinne an tarchur

Prim’Awla tal-Qorti Ċivili

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: FB

Cosantóirí: European Lotto and Betting Ltd agus Deutsche Lotto-und Sportwetten ltd.

Na ceisteanna a tharchuirtear:

Maidir le hAirteagal 56 CFAE, an bhfuil léiriú le déanamh amhail nach bhféadfaí údar a thabhairt, ar chúiseanna maithe leasa an phobail, le sárú ar shaorghluaiseacht seirbhísí trí shliotáin ar líne i mBallstát an tomhaltóra (an Ballstát cinn scríbe) a thoirmeasc go ginearálta ar oibreoirí casaíne ar líne a cheadúnaítear agus a rialaítear ina Stát tionscnaimh (Málta)

i gcás ina bhfuil a chomhchosúil de chearrbhachas traidisiúnta á cheadú ag an mBallstát cinn scríbe i ngach áit, lena n-áirítear meaisíní sliotáin ceadúnaithe le haghaidh oibreoirí príobháideacha in árais siamsaíochta agus i mbialanna, cearrbhachas atá níos déine i gcasaíní traidisiúnta, oibríochtaí crannchuir náisiúnta ceadúnaithe ó chrannchuir Stáit in os cionn 20 000 siopa gníomhairí ina bpléitear leis an bpobal, agus

oibríochtaí cearrbhachais ceadúnaithe ar líne á gceadú le haghaidh oibreoirí príobháideacha gealltóireachta spóirt agus capall agus le haghaidh bróicéirí príobháideacha crannchuir ar líne a dhíolann táirgí crannchuir faoi úinéireacht Stáit agus táirgí crannchur ceadúnaithe eile,

bíodh is cosúil – mar atá ar neamhréir le breithiúnais na Cúirte Breithiúnas i gCásanna C-148/15 1 Deutsche Parkinson (mír 35), C-316/07 2 Markus Stoß agus C-42/02 3 Lindman – nár chuir an Ballstát céanna fianaise eolaíoch ar fáil lena léirítear go bhfuil baol sainiúil ag baint leis an gcearrbhachas seo lena gcuirtear go mór le baint amach na gcuspóirí a shaothraítear lena rialú, go háirithe maidir le bac a chur ar chearrbhachas fadhbach,

agus i bhfianaise an bhaoil lena gcuirtear srian leis an toirmeasc ar shliotáin ar líne – murab ionann agus na tairiscintí cearrbhachais a cheadaítear le haghaidh sliotáin ar líne agus sliotáin thraidisiúnta – go bhfuil an sárú oiriúnach, éigeantach agus comhréireach leis na cuspóirí rialála a sroicheadh?

Maidir le hAirteagal 56 CFAE, an bhfuil léiriú le déanamh amhail go gcuirtear cosc leis ar chur i bhfeidhm toirmisc iomláin ar chearrbhachas casaíne ar líne mar atá in Airteagal 4(1) agus (4) de Chonradh Idirstáit Cearrbhachais na Gearmáine (“GlüStV”) i gcás nach bhféachtar, de réir § 1, trí reachtaíocht cearrbhachais na Gearmáine (an Conradh Cearrbhachais Stáit, “GlüStV”), le toirmeasc iomlán a chur ar chearrbhachas de réir mhír 1 de, ach féachtar leis “lena spreagadh go dtabharfaidh an pobal, a bhfuil dúil acu sa chearrbhachas ó nádúr, faoi mhodhanna atá eagraithe agus faoi mhaoirseacht mar aon le cur in gcoinne fhorbairt agus leathadh an chearrbhachais neamhúdaraithe ar mhargaí dubha” agus i gcás ina bhfuil an-tóir ag imreoirí ar shliotáin ar líne?

Maidir le hAirteagal 56 CFAE, an bhfuil léiriú le déanamh amhail nach bhféadfaí toirmeasc ginearálta ar thairiscintí casaíne ar líne a chur i bhfeidhm i gcás

ina bhfuil rialtais stáit chónaidhme go léir an Bhallstáit seo ar aon tuairim cheana féin gurb éifeachtaí córas réamh-fhormheasa oifigiúil ná toirmeasc iomlán le bheith in ann an baol atá ag baint lena leithéid de thairiscintí cearrbhachais ar líne a chomhrac agus

go bhfuil creat rialála don todhchaí curtha le chéile agus glactha acu trí chonradh stáit comhfhreagrach lena gcuirtear córas réamh-fhormheasa in ionad toirmeasc iomlán,

agus le hucht na reachtaíochta sin atá le teacht, ina gcinneann siad glacadh le tairiscintí cearrbhachais comhfhreagracha nach bhfuil ceadúnas de chuid na Gearmáine ag dul leo faoi réir ceanglais áirithe a chomhlíonadh go dtí go n-eiseofar ceadúnais de chuid na Gearmáine,

cé nach bhféadfaí dlí an Aontais a chur ar fionraí go sealadach, de réir Chás C-409/06 1 Winner Wetten.

Maidir le hAirteagal 56 CFAE, an bhfuil léiriú le déanamh amhail nach bhféadfadh Ballstát (cinn scríbe) údar a thabhairt, ar chúiseanna maithe leasa an phobail, le reachtaíocht náisiúnta i gcás

ina gcuirtear toirmeasc tríd an reachtaíocht sin ar thomhaltóirí geallta trasteorann ceadúnaithe a chur i mBallstát (tionscnaimh) eile ar Chrannchuir cheadúnaithe sa Bhallstát cinn scríbe a cheadaítear agus a rialaítear ann agus

ina gceadúnaítear na crannchuir sa Bhallstát cinn scríbe agus féachtar tríd an reachtaíocht le himreoirí agus mionaoisigh a chosaint

agus ina bhféachtar le himreoirí agus mionaoisigh a chosaint freisin trí rialú cearrbhachais cheadúnaithe a dhéanamh ar chrannchuir sa Bhallstát tionscnaimh agus ina bhforáiltear a chomhleibhéal de chosaint agus a fhoráiltear dó le rialú crannchuir sa Stát cinn scríbe?

Maidir le hAirteagal 56 CFAE, an bhfuil léiriú le déanamh amhail go gcuirtear cosc leis an riail sin ar aisghabháil geallta a chailltear agus páirt á glacadh i bhfo-chrannchuir ar bhonn neamhdhleathacht líomhainte idirbheart mar gheall ar an easpa ceadúnais i mBallstát an tomhaltóra, i gcás

ina gcuirtear cosc le dlí ar a leithéid de cheadúnas le haghaidh fo-chrannchuir phríobháideacha,

agus ina dtugann na cúirteanna náisiúnta údar leis an gcosc sin mar gheall ar dhifríocht líomhainte idir geall arna chur ag oibreoir Stáit ar thoradh crannchuir arna eagrú ag Stát agus geall arna chur ag oibreoir príobháideach ar thoradh crannchur Stáit?

Maidir le hAirteagal 56 CFAE, an bhfuil léiriú le déanamh amhail go gcuirtear cosc leis ar aisghabháil geallta a chailltear agus páirt á glacadh i bhfo-chrannchuir ar bhonn neamhdhleathacht líomhainte idirbheart mar gheall ar an easpa ceadúnais i mBallstát an tomhaltóra, i gcás

ina gcuirtear cosc le dlí ar a leithéid de cheadúnas le haghaidh fo-chrannchuir phríobháideacha

agus ina dtugann na cúirteanna náisiúnta údar leis an gcosc sin mar gheall ar dhifríocht líomhainte idir geall arna chur ag oibreoir Stáit ar thoradh crannchuir arna eagrú ag Stát agus geall arna chur ag oibreoir príobháideach ar thoradh an chrannchuir Stáit chéanna?

Maidir le hAirteagal 56 CFAE agus an toirmeasc ar chearta a mhí-úsáid C-423/15 1 Niels Kratzer, an bhfuil léiriú le déanamh amhail go gcuirtear cosc ar éileamh ar aisíoc na ngeallta a chailltear ar bhonn easpa ceadúnais de chuid na Gearmáine agus ar bhonn saibhriú éagórach i gcás ina bhfuil an t-eagraí á cheadúnú agus faoi mhaoirseacht ag na húdaráis i mBallstát eile agus ina n-urraítear na héilimh de chuid an imreora ar shócmhainní agus ar aisíocaíocht trí dhlí an Bhallstáit ina bhfuil an t-eagraí bunaithe?

____________

1 EU:C:2016:776.

1 EU:C:2010:504.

1 EU:C:2003:613.

1 EU:C:2010:503

1 EU:C:2016:604