Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Feabhra – Ryanair v an Coimisiún

(KLM II; COVID-19)

(Cás T-146/22) 1

(Státchabhair – Cúnamh tugtha ag an Isiltir chun rannchuidiú le KLM i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 – Ráthaíocht rialtais i ndáil le iasacht bhainc agus iasacht fo-ordaithe Stáit – Cinneadh lena ndearbhaítear go bhfuil an chabhair comhoiriúnach leis an margadh inmheánach – Imeachtaí le haghaidh neamhniú – Locus standi – Éifeacht shuntasach dhíobhálach ar sheasamh an iarratasóra ar an margadh – Do-ghlacthacht – Cinneadh faoi thairbhí tacaíochta i gcomhthéacs grúpa cuideachtaí)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: C. Georgieva, J. Carpi Badia agus M. Farley, Gníomhairí)

Idiragraithe chun tacú leis an gcosantóir: Poblacht na Fraince (ionadaithe: T. Shehelin, B. Fodda, T. Lechevallier agus P. Dodeller, Gníomhairí) , Ríocht na hÍsiltíre (ionadaithe: M. Bulterman, C. Schillemans, E. Besselink agus J. Langer, Gníomhairí, le cúnamh ó S. Corrijn, Dlíodóir), Société Air France (Tremblay-en-France, an Fhrainc), Air France-KLM (Páras, an Fhrainc) (ionadaithe: J. Derenne agus D. Vallindas, Dlíodóirí), Koninklijke Luchtvaart Maatschappij NV (Amstelveen, an Isiltir) (ionadaithe: K. Schillemans, P. Huizing agus E. De Krom, Dlíodóirí)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí Cinneadh C(2021) 5437 final ón gCoimisiún an 16 Iúil 2021, maidir le státchabhair SA.57116 (2020/N)  – an Isiltir – COVID-19: Ráthaíocht iasachta stáit agus iasacht stáit do KLM ar neamhní

An chuid oibríochtúil

Cuirtear Cinneadh C(2021) 5437 ón gCoimisiún an 16 Iúil 2021, maidir le státchabhair SA.57116 (2020/N) – an Isiltir – COVID-19: Ráthaíocht iasachta stáit agus iasacht stáit do KLM, ar neamhní.

Ordaítear don Choimisiún Eorpach a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag Ryanair DAC a íoc.

Ordaítear do Phoblacht na Fraince, Riocht na hÍsiltíre, Air France-KLM, Société Air France agus Koninklijke Luchtvaart Maatschappij NV a gcostais féin a íoc.

____________

1     IO C 198, 16.5.2022.