Language of document :

Caingean arna tabhairt an 29 Márta 2023 – Amstel Brouwerij v EUIPO – Anheuser-Busch (ULTRA)

(Cás T-170/23)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Amstel Brouwerij BV (Amstardam, an Ísiltír) (ionadaí: T. Cohen Jehoram, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Anheuser-Busch LLC (St. Louis, Missouri, Stáit Aontaithe Mheiriceá)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ULTRA – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 2 895 258

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealaithe

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 24 Eanáir 2023 i gCás R 2088/2021-5

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO na costais a íoc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

____________