Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Naczelny Sąd Administracyjny (an Pholainn) a taisceadh an 15 Feabhra 2022 – P.M. v Dyrektor Izby Administracji Skarbowej w Warszawie

(Cás C-105/22)

Teanga an cháis: an Pholainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Naczelny Sąd Administracyjny

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: P.M.

Cosantóir: Dyrektor Izby Administracji Skarbowej w Warszawie

Ceist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialaithe

An gcaithfear Airteagal 56 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus an prionsabal gur cheart, mar cháin ar thomhaltas iarbhír, dleachtanna máil a thobhach ag céim aonair amháin, agus prionsabal na comhréireachta, a léirmhíniú sa chiall go gcuirtear cosc leo ar chur i bhfeidhm forála náisiúnta amhail Airteagal 107(1) den Ustawa o podatku akcyzowym (Acht an 6 Nollaig 2008 maidir le dleachtanna máil) a mhéid a chuirtear cosc léi ar aisíocaíocht don duine inchánach, maidir le feithicil phríobháideach chláraithe a onnmhairiú, den dleacht mháil a ríomhadh i gcomhréir le fad úsáide na feithicle sin ar an gcríoch náisiúnta?

____________