Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Audencia Nacional (an Spáinn) a taisceadh an 26 Iúil 2023 – Imeachtaí coiriúla i gcoinne JMTB

(Cás C-481/23, Sangas) 1

Teanga an cháis: an Spáinnis

An chúirt a rinne an tarchur

Audiencia Nacional

Imeachtaí coiriúla i gcoinne

J.M.T.B.

Páirtithe eile: Ministerio Fiscal; Abogacía del Estado;

Na ceisteanna a tharchuirtear:

Ós rud é go bhforáiltear le hAirteagal 4(6) de Chinneadh Réime ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir na Ballstáit (2002/584/JAI) 1 i measc na bhforas le neamhfhorghníomhú roghnach an bharántais gabhála Eorpaigh, go bhféadfar a leithéid a neamhfhorghníomhú más chun pianbhreith choimeádta nó ordú coinneála a fhorghníomhú a eisíodh an barántas gabhála Eorpach, i gcás go bhfuil an duine iarrtha ag fanacht sa Bhallstát forghníomhaitheach nó gur náisiúnach de nó cónaitheoir ann é agus go ngabhann an Stát sin air féin an phianbhreith nó an t-ordú coinneála a fhorghníomhú i gcomhréir lena dhlí náisiúnta:

a) An ceadmhach cur i bhfeidhm an fhorais roghnaigh sin chun tabhairt suas a dhiúltú a leathnú chuig cásanna nach bhfuil cinneadh críochnaitheach déanta ina leith fós i gcoinne an duine iarrtha?

b) Dá gceadófaí don fhéidearthacht sin, an bhféadfaí diúltú do thabhairt suas ar an bhforas go bhfuil cónaí ar an duine iarrtha sa Stát iarrtha agus nach bhfuil an Stát iarrtha tar éis a ghealladh go bhforghníomhóidh sé féin an phianbhreith nó an t-ordú coinneála i gcomhréir lena dhlí náisiúnta?

Ós rud é go bhforáiltear le hAirteagal 4(4) de Chinneadh Réime ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir na Ballstáit (2002/584/JAI) i measc na bhforas le neamhfhorghníomhú roghnach an bharántais gabhála Eorpaigh, go bhféadfar a leithéid a neamhfhorghníomhú nuair atá an t-ionchúiseamh coiriúil nó pionósú an duine iarrtha faoi urchosc reachta de réir dhlí an Stáit fhorghníomhaithigh agus má thagann na gníomhartha faoi dhlínse an Stáit sin faoina dhlí coiriúil féin, an ceadmhach an foras sin maidir le neamhfhorghníomhú roghnach BGE a leathnú chuig cásanna ina meastar go bhfuil urchosc reachta ar an ionchúiseamh coiriúil nó an pionósú sin faoi dhlí an Bhallstáit fhorghníomhaithigh, fiú mura bhfuil dlínse ag cúirteanna an Stáit sin chun na fíorais a chinneadh?

____________

1 Ainm dlítheanach atá in ainm an cháis seo. Ní thagraítear leis d’ainm aon pháirtí sna himeachtaí.

1 IO 2002 L 190, lch. 1.