Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Najwyższy (an Pholainn) a taisceadh an 31 Iúil 2023 – S. sp. z o.o. v V. sp. z o.o.

(Cás C-486/23, S.)

Teanga an cháis: an Pholainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Sąd Najwyższy

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: S. sp. z o.o.

Cosantóir: V. sp. z o.o.

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gá an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, arna léamh i bhfianaise an léirmhínithe arna ghlacadh ag an gCúirt Bhreithiúnais ina breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, W.Ż. (Dlísheomra um rialú úrghnách agus gnóthaí poiblí na Cúirte Uachtaraí – Ceapachán) (C-487/19, EU:C:2021:798), amhail go sáraítear na prionsabail maidir le do-inaistritheacht agus neamhspleáchas na mbreithiúna, de réir analaí le haistriú breitheamh de ghnáthchúirt idir dhá rannán den chúirt sin, le ceapachán bhreitheamh den Sąd Najwyższy (an Chúirt Uachtarach, an Pholainn) suí go sealadach i ndlísheomra eile den Sąd Najwyższy (an Chúirt Uachtarach), gan toiliú an bhreithimh sin, más rud é:

–    go gceapfar breitheamh den Sąd Najwyższy (an Chúirt Uachtarach) chun rialú a dhéanamh ar chásanna nach bhfuil a n-ábhar ag freagairt do dhlínse ábhartha an dlísheomra dár ceapadh é nó í;

–    nach bhfuil leigheas breithiúnach ag an mbreitheamh, i gcoinne an chinnidh a bhaineann le ceapachán den sórt sin, lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach i mír 118 de bhreithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, W.Ż. (Dlísheomra um rialú úrghnách agus gnóthaí poiblí na Cúirte Uachtaraí – Ceapachán) (C-487/19, EU:C:2021:798);

–    go raibh an cinneadh ón gCéad Uachtarán den Sąd Najwyższy (an Chúirt Uachtarach) maidir le breitheamh a cheapadh chuig dlísheomra eile agus an cinneadh ón Uachtarán atá freagrach as obair dhlísheomra sibhialta den Sąd Najwyższy (an Chúirt Uachtarach) i ndáil le sannadh cásanna áirithe glactha ag daoine a ceapadh mar bhreithiúna don Sąd Najwyższy (an Chúirt Uachtarach) sna himthosca céanna leo siúd ba bhun le breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, W.Ż. (Dlísheomra um rialú úrghnách agus gnóthaí poiblí na Cúirte Uachtaraí – Ceapachán), ar an tuiscint, i bhfianaise cásdlí atá ann cheana, go bhfuil imeachtaí breithiúnacha ar a bhfuil daoine den sórt sin rannpháirteach iontu neamhbhailí le nó de shárú ar cheart dlíthithe chun triail chóir a fháil, a chumhdaítear in Airteagal 6 de ECHR;

–    nach bhfuil aon bhunús sa dlí náisiúnta chun breitheamh a cheapadh gan a thoiliú nó a toiliú, ar feadh tréimhse seasta, chuig dlísheomra eile den Sąd Najwyższy (an Chúirt Uachtarach) seachas dlísheomra ina gcomhlíonann sé a dhualgais nó sí a dualgais, agus é d’oibleagáid air nó uirthi leanúint ar aghaidh ag suí ina dhlísheomra nó ina dlísheomra baile;

–    go sáraítear Airteagal 6(b) de Threoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le heagrú ama oibre 1 le ceapachán neamh-chomhthoiliúil an bhreithimh chun suí ar feadh tréimhse seasta i ndlísheomra den Sąd Najwyższy (an Chúirt Uachtarach) seachas an dlísheomra ina gcomhlíonann sé a dhualgais nó sí a dualgais?

D’ainneoin an fhreagra ar an gcéad cheist, an gá an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE a léiriú amhail nach ionann binse arna bhunú mar thoradh ar chinneadh ón gCéad Uachtarán den Sąd Najwyższy (an Chúirt Uachtarach) maidir le breitheamh a cheapadh chun suí i ndlísheomra eile den Sąd Najwyższy (an Chúirt Uachtarach) agus cinneadh ón Uachtarán atá freagrach as obair dhlísheomra sibhialta den Sąd Najwyższy (an Chúirt Uachtarach) i ndáil le sannadh cásanna sonracha, agus binse “arna bhunú le dlí”, ar an tuiscint gur daoine arna gceapadh mar bhreithiúna den Sąd Najwyższy (an Chúirt Uachtarach) a ghlac na cinntí sin sna himthosca céanna agus a bhí i gCás W.Ż. (Dlísheomra um rialú úrghnách agus gnóthaí poiblí na Cúirte Uachtaraí – Ceapachán) (C-487/19, EU:C:2021:798), nuair is léir ón gcásdlí atá ann cheana go bhfuil imeachtaí breithiúnacha ar a bhfuil daoine den sórt sin rannpháirteach iontu neamhbhailí le nó de shárú ar cheart dlíthithe chun triail chóir a fháil, a chumhdaítear in Airteagal 6 de ECHR?

I gcás ina dtabharfar freagra dearfach ar an gcéad cheist, nó má fhreagraítear an dara ceist amhail nach ionann binse “arna bhunú le dlí” an chúirt a bunaíodh amhlaidh, an gá an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE agus prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais a léiriú amhail go bhféadfaidh breithiúna arna gceapadh ar fhoirmíocht chúirte arna bunú de réir na socruithe dá dtagraítear sa chéad cheist agus sa dara ceist diúltú gníomhartha a dhéanamh sa chás a shanntar dóibh, lena n-áirítear rialú a dhéanamh, trína mheas nárbh ann do na cinntí lena ndéantar iad a cheapadh chuig dlísheomra eile den Sąd Najwyższy (an Chúirt Uachtarach) agus cásanna sonracha a shannadh orthu, nó an gá a mheas go bhfuil sé de dhualgas orthu rialú a dhéanamh, a fhágann do na páirtithe a chinneadh cibé an ndéanfaidh siad agóid i gcoinne an chinnidh sin ar an bhforas go sáraítear leis sin ceart na bpáirtithe go n-éistfí cúirt nó binse a chomhlíonann ceanglais na dara fomhíre d’Airteagal 19(1) CAE agus Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an cás?

____________

1     IO 2003 L 299, lch. 9.