Caingean arna tabhairt an 5 Aibreán 2024 – Drinks Prod v EUIPO – Paul Hartmann (OmniSan)
(Cás T-189/24)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Drinks Prod SRL (Păntășești, an Rómáin) (ionadaí: I. Speciac, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Paul Hartmann AG (Heidenheim, an Ghearmáin)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ‘OmniSan’ – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 329 334
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de chuid EUIPO an 2 Feabhra 2024 i gCás R 1226/2023-1
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
a ordú do EUIPO leanúint ar aghaidh leis na himeachtaí clárúcháin le haghaidh EUTM Uimh. 18 329 334 OMNISAN i gcás na n-earraí ar fad a iarrtar ó Aicmí 3 agus 5.
Saincheist dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________