Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 10 Aibreán 2024 – Danske Slagtermestre v an Coimisiún
(Cás T-486/18 RENV)1
(Státchabhair – Scéim ranníocaíochtaí chun fuíolluisce a bhailiú – Gearán ó iomaitheoir – Cinneadh nach bhfuarthas aon státchabhair ag deireadh na céime réamhscrúdaithe – Ceanglas neamhchlaontachta – Claontacht oibiachtúil – Coincheap ‘buntáiste’ – Prionsabal oibreoir an gheilleagair margaidh – Anailís ex-ante ar bhrabúsacht céimneacha – Fógra ón gCoimisiún maidir leis an gcoincheap “Státchabhair”)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Danske Slagtermestre (Odense, an Danmhairg) (ionadaí: H. Sønderby Christensen, Dlíodóir)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe I. Barcew, C. Vang agus P. Němečková, Gníomhairí)
Idiragraí, mar thaca leis an gcosantóir: Ríocht na Danmhairge (ionadathe: M. Søndahl Wolff, C. Maertens, J. Kronborg agus M. Jespersen, Gníomhairí)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí Cinneadh C(2018) 2259 final ón gCoimisiún an 19 Aibreán 2018 maidir le Státchabhair SA.37433 (2017/FC) – an Danmhairg ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
Cuirtear Cinneadh C(2018) 2259 final ón gCoimisiún an 19 Aibreán 2018 maidir le Státchabhair SA.37433 (2017/FC) – an Danmhairg ar neamhní.
Ordaítear don Choimisiún Eorpach a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag Danske Slagtermestre sna himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta agus os comhair na Cúirte Breithiúnais a íoc.
Ordaítear do Ríocht na Danmhairge a costais féin a íoc.
____________
1 IO C 381, 22.10.2018.